Ordú 86A

Achomhairc chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí sibhialta : I.R. Uimh. 485 de 2014

 I. CUMHACHTAÍ NA CÚIRTE ACHOMHAIRC AR ACHOMHAIRC SHIBHIALTA


Feidhm an Ordaithe seo
1. Níl feidhm ag an Ordú seo ach maidir le hachomhairc chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí sibhialta.
Ginearálta

2. (i) Faoi réir fhorálacha an Bhunreachta agus reachta—

(a) tá cumhachtaí agus dualgais uile na cúirte a ndéantar achomharc uaithi ag an gCúirt Achomhairc ar aon achomharc in imeachtaí sibhialta agus féadfaidh sí na cumhachtaí agus na dualgais sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh,
(b) féadfaidh an Chúirt Achomhairc aon bhreithiúnas a thabhairt agus aon ordú a dhéanamh ba chóir a bheith tugtha nó déanta agus féadfaidh sí aon ordú breise nó eile a dhéanamh de réir mar is gá sa chás.

(ii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc cumhachtaí na Cúirte Achomhairc a fheidhmiú, d’ainneoin go mbeidh iarrtha san fhógra achomhairc gan ach cuid de bhreith na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a fhreaschur nó a athrú, agus féadfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú freisin i bhfabhar na bhfreagróirí nó na bpáirtithe go léir, nó i bhfabhar aon duine díobh, cé nach mbeidh achomharc déanta ag freagróirí nó páirtithe áirithe i gcoinne na breithe nó nach mbeidh gearán déanta acu fúithi.
(iii) Má loictear fógra leordhóthanach a thabhairt faoi ábhar i bhfógra achomhairc ní chealóidh nó ní laghdóidh sin cumhacht na Cúirte Achomhairc an t-ábhar a bheidh i gceist a bhreithniú agus déileáil leis, ach féadfaidh an Chúirt Achomhairc, dá rogha féin, achomharc a chur ar atráth nó (i gcás inar deimhin léi gan dochar a bheith déanta don pháirtí eile maidir le seoladh an achomhairc aige de dheasca an fhógra neamhdhóthanaigh) ordú speisialta a dhéanamh i dtaobh costas i gcás ina measfaidh sí fógra neamh-leordhóthanach a bheith tugtha faoi ábhar.
Cumhacht chun tarchur a dhéanamh nó triail nua a ordú

3. (i) Tar éis achomharc a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Achomhairc imeachtaí a tharchur chun na hArd-Chúirte le cibé ordacháin is cóir léi.

(ii) Más rud é, ar achomharc a éisteacht, gur dealraitheach don Chúirt Achomhairc gur chóir triail nua a bheith ann, féadfaidh sí an bhreith bhunaidh nó an t-ordú bunaidh a chur ar ceal agus triail nua a ordú, agus féadfaidh an triail nua sin a bheith teoranta do cheist nó do shaincheist áirithe, gan cur isteach ar an bhfionnachtain nó ar an mbreith bhunaidh ar aon cheist nó saincheist eile.
Cumhachtaí i dtaobh fianaise

4. Faoi réir fhorálacha an Bhunreachta agus reachta—

(a) tá cumhacht lánroghnach ag an gCúirt Achomhairc, ar achomharc, tuilleadh fianaise a ghlacadh ar cheisteanna fíorais, agus féadfaidh sí fianaise den sórt sin a ghlacadh trí cheistiú ó bhéal sa chúirt, le mionnscríbhinn, nó le teistíocht arna tógáil os comhair scrúdaitheora nó coimisinéara,
(b) féadfar tuilleadh fianaise a thabhairt gan cead speisialta ar aon achomharc i gcoinne breithiúnais nó ordaithe idirbhreithigh, nó in aon chás i dtaobh ábhar a bheidh tarlaithe tar éis dháta na breithe a mbeidh an t-achomharc tionscanta ina coinne,

(c) ar aon achomharc i gcoinne breithiúnais nó ordaithe chríochnaithigh, ní fhéadfar glacadh le tuilleadh fianaise (ach amháin i dtaobh ábhar ina dhiaidh sin mar a luaitear i mír (b)) ach ar fhorais speisialta, agus ní dhéanfar sin ach amháin le cead speisialta ón gCúirt Achomhairc (arna fháil le hiarratas le foriarratas iar bhfógra ina leagfar amach na forais speisialta),

(d) féadfaidh an Chúirt Achomhairc táit fhíorais a bhaint de réir an dlí,

(e) má mheasann an Chúirt Achomhairc an taifead a bheidh ar fáil di ar na himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a bheith easnamhach, féadfaidh sí aird a thabhairt ar cibé fianaise nó ar cibé nótaí fíoraithe nó ábhair eile is fóirsteanach leis an gCúirt Achomhairc,

(f) i gcás ina measfaidh an Chúirt Achomhairc gur gá sin, féadfaidh sí a ordú don Chláraitheoir tuarascáil don Chúirt Achomhairc ar an triail, nó ar aon chuid den triail, a iarraidh ar Bhreitheamh na trialach.


II. NÍ OIBRÍONN IARRATAS AR CHEAD ACHOMHAIRC NÓ ACHOMHARC MAR BHAC MURA nORDAÍTEAR SIN

Níl achomharc le hoibriú mar bhac
5. (i) Ní oibríonn achomharc (nó, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí, iarratas ar chead achomhairc) chun na Cúirte Achomhairc mar bhac ar fhorghníomhú nó ar imeachtaí faoin mbreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne, ach amháin a mhéid a ordaíonn an Ard-Chúirt nó, ar ordú den sórt sin a bheith diúltaithe ag an Ard-Chúirt, a mhéid a ordaíonn an Chúirt Achomhairc.

(ii) Ní chuirtear aon ghníomh nó imeacht idirmheánach ó bhail de bhíthin achomhairc (nó de bhíthin iarratais ar chead achomhairc) chun na Cúirte Achomhairc, ach amháin a mhéid a ordaíonn an Ard-Chúirt nó, ar ordachán den sórt sin a bheith diúltaithe ag an Ard-Chúirt, a mhéid a ordaíonn an Chúirt Achomhairc.


III. IARRATAIS AR CHEAD ACHOMHAIRC

Seoladh iarratas ar chead achomhairc
6. (i) Más rud é, faoi reacht, go gceanglaítear cead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc a lorg, is le fógra iarratais (dá ngairtear “iarratas ar chead achomhairc” sa riail seo) i bhFoirm Uimh. 2, ina n-áireofar na forais ar a mbeidh cead achomhairc á lorg agus, más iomchuí, na cúiseanna a mbeifear á líomhain na coinníollacha i leith ceada achomhairc a bheith comhlíonta, a dhéanfar iarratas ar an gcead sin, agus déanfar dréacht den fhógra beartaithe achomhairc a chur ag gabháil leis an iarratas sin. Déanfar dáta fillte os comhair na Cúirte Achomhairc a shannadh do gach iarratas ar chead achomhairc a eiseofar faoin riail seo.

(ii) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt in aon achtachán ag a bhfuil feidhm maidir leis an gcatagóir áirithe achomhairc, más rud é, faoi aon achtachán, go bhféadfar cead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc a lorg sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi nó sa Chúirt Achomhairc, ní fhéadfar aon iarratas ar lorg ceada achomhairc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc ach tar éis don chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi diúltú cead achomhairc a thabhairt.

(iii) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt in aon achtachán ag a bhfuil feidhm maidir leis an gcatagóir áirithe achomhairc, agus faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, déanfar an t-iarratas ar chead achomhairc agus cóip fhianaithe d’ordú na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a thaisceadh tráth nach déanaí ná 28 lá ó dháta comhlánaithe an ordaithe ón gcúirt sin a mbeidh cead achomhairc á lorg ina choinne.

(iv) Déanfar cóip den iarratas ar chead achomhairc (agus an dréachtfhógra achomhairc ag gabháil léi) a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh dháta fillte an iarratais ar chead achomhairc, ar na páirtithe go léir a ndéanfaidh an t-iarratas difear dóibh go díreach.

(v) Taiscfidh an páirtí tionscanta mionnscríbhinn um sheirbheáil an iarratais ar chead achomhairc ar gach freagróir a bheifear tar éis a sheirbheáil.

(vi) Ní gá seirbheáil a dhéanamh ar pháirtithe sna himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi nach ndéanfaidh an t-iarratas ar chead achomhairc difear dóibh go díreach, ach féadfaidh an Chúirt Achomhairc a ordú fógra faoin iarratas ar chead achomhairc a sheirbheáil ar gach páirtí nó ar aon pháirtí de na páirtithe sna himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, nó ar aon duine eile.

(vii) Déanfaidh duine a mbeidh iarratas ar chead achomhairc seirbheáilte air agus a mbeidh ar intinn aige cur i gcoinne an iarratais ráiteas a thaisceadh san Oifig, agus a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscanta agus ar gach duine eile ar a mbeidh an t-iarratas ar chead achomhairc seirbheáilte, faoi fhorais agóide an duine sin in aghaidh an iarratais ar chead achomhairc, i bhFoirm Uimh. 3, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta fillte an iarratais ar chead achomhairc.

(viii) Ar dháta fillte an iarratais ar chead achomhairc (nó ar aon atráthú ar an éisteacht sin), féadfaidh an Chúirt Achomhairc cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áireofar teorainneacha ama a shocrú, maidir le seoladh an iarratais, a dhealróidh a bheith caoithiúil chun an t-iarratas a chinneadh ar mhodh a bheidh i gcomhréir le ceanglais Ordú 86, riail 2, agus féadfaidh sé go n-áireofar na nithe seo a leanas sna hordacháin agus sna horduithe sin:

(a) ordacháin i dtaobh sheirbheáil an iarratais ar chead achomhairc ar aon duine eile, lena n-áireofar modh seirbheála agus an tréimhse ama a lamhálfar i gcomhair na seirbheála sin (agus féadfaidh sí, chun na críche sin, éisteacht (nó éisteacht bhreise) nó cinneadh an fhoriarratais a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar);
(b) ordacháin i dtaobh aon pháirtí nó aon pháirtithe do chomhdú agus do sheachadadh aon mhionnscríbhinne;

(c) ordacháin i dtaobh chomhdú agus sheachadadh aon aighneachtaí i scríbhinn.

(ix) In ordú ag deonú ceada achomhairc:

(a) sonrófar na forais ar a mbeidh cead á thabhairt;
(b) socrófar tréimhse ama a mbeidh an fógra achomhairc le heisiúint agus le seirbheáil laistigh di, agus

(c) socrófar dáta don éisteacht ordachán ar an achomharc.

(x) Nuair a bheidh iarratas ar chead achomhairc cinnte ag an gCúirt Achomhairc, cuirfidh an Cláraitheoir an cinneadh in iúl do na páirtithe.

IV.  [3] 

V. GNÁTHACHOMHAIRC

Fógra achomhairc
[4]  12. Déanfar achomharc chun na Cúirte Achomhairc a thionscnamh trí fhógra (dá ngairtear an “fógra achomhairc” san Ordú seo) i bhFoirm Uimh. 6 a thaisceadh san Oifig lena eisiúint, ar fógra é ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(i) sonraí faoin mbreith a mbeifear ag iarraidh achomharc a dhéanamh ina coinne;
(ii) forais an achomhairc;
(iii) na horduithe a bheidh á lorg ar an gCúirt Achomhairc;
(iv) liosta de na doiciméid a mbeidh ar intinn ag an achomharcóir seasamh orthu san achomharc, agus
(v) sonraí faoin achomharcóir agus faoin bhfreagróir.

13. (i) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt in aon achtachán a mbeidh feidhm aici maidir leis an gcatagóir áirithe achomhairc, agus faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, déanfar an fógra achomhairc a thaisceadh lena eisiúint agus déanfar cóip fhianaithe d’ordú na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a thaisceadh tráth nach déanaí ná 28 lá ó dháta comhlánaithe an ordaithe a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne.

(ii) I gcás ina mbeidh breithiúnas i scríbhinn tugtha sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, déanfaidh an t-achomharcóir cóip fhianaithe den bhreithiúnas i scríbhinn, arna fhormheas ag an gcúirt sin, a thaisceadh leis an gCláraitheoir nuair a dhéanfar an fógra achomhairc a thaisceadh nó, mura ndéanfaidh sé an uair sin é, go pras tar éis an t-ordú sin teacht chun bheith ar fáil.

(iii) I gcás nach mbeidh breithiúnas i scríbhinn tugtha sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, déanfaidh an t-achomharcóir, ar a chostas féin, na nithe seo a leanas a thaisceadh leis an gCláraitheoir:

(a) athscríbhinn den bhreithiúnas ó bhéal ón gcúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, agus í deimhnithe a bheith ina hathscríbhinn chruinn ag an duine a bheidh tar éis bheith freagrach as an athscríbhinn a ullmhú, agus fíordheimhnithe ag Breitheamh na cúirte sin, agus
(b) más gá, agus ansin a mhéid is gá, chun an t-achomharc a chinneadh go cuí, athscríbhinn d’aon rialú nó ordachán iomchuí ón mBreitheamh sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, agus í deimhnithe a bheith ina hathscríbhinn chruinn ag an scríbhneoir athscríbhinne, agus fíordheimhnithe ag Breitheamh na cúirte sin.

(iv) Déanfar liosta de na doiciméid go léir a mbeidh ar intinn ag an achomharcóir seasamh orthu tráth éisteachta an achomhairc a áireamh san fhógra achomhairc.
(v) Déanfar dáta fillte i gcomhair éisteachta ordachán a shannadh do gach fógra achomhairc a eiseofar faoin riail seo.

Fógra achomhairc a sheirbheáil

14. (i) Ach amháin i gcás fógra achomhairc i gcoinne cinnidh arna dhéanamh ar shlí seachas inter partes, déanfar cóip den fhógra achomhairc a sheirbheáil, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra achomhairc a eisiúint, ar na páirtithe go léir a ndéanfaidh an t-achomharc difear dóibh go díreach.

(ii) Ní gá seirbheáil a dhéanamh ar pháirtithe sna himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi nach ndéanfaidh an t-achomharc difear dóibh go díreach, ach féadfaidh an Chúirt Achomhairc a ordú fógra faoin achomharc a sheirbheáil ar gach páirtí nó ar aon pháirtí de na páirtithe sna himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, nó ar aon duine eile.

(iii) Taiscfidh an t-achomharcóir mionnscríbhinn um sheirbheáil an fhógra achomhairc ar gach freagróir a bheidh seirbheáilte.
Fógra an fhreagróra

15. (i) Déanfaidh gach freagróir ar a seirbheálfar fógra achomhairc, laistigh de 21 lá tar éis an fógra achomhairc a sheirbheáil air, fógra i bhFoirm Uimh. 7 (“fógra an fhreagróra” sa riail seo) a thaisceadh san Oifig agus a sheirbheáil ar an achomharcóir agus ar gach freagróir eile, ar fógra é:

(a) ina luafar an bhfuil an freagróir sin ag cur i gcoinne an achomhairc, go hiomlán nó go páirteach, agus, má tá, ina leagfar amach go comair forais churtha i gcoinne an achomhairc;
(b) má tá ar intinn ag an bhfreagróir sin, tráth éisteachta an achomhairc, a mhaíomh gur ceart an breithiúnas nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne a dhaingniú ar fhorais seachas na forais a bheidh leagtha amach i mbreithiúnas nó in ordú na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, ina leagfar amach ráiteas comair ar na forais bhreise ar a líomhnaítear gur ceart an breithiúnas nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne a dhaingniú;

(c) má tá ar intinn ag an bhfreagróir sin, tráth éisteachta an achomhairc, a mhaíomh gur ceart an breithiúnas nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne a athrú, ina n-áireofar alt ar leith dar teideal “fógra crosachomhairc”, ina leagfar amach ráiteas comair ar na forais ar a líomhnaítear gur ceart an breithiúnas nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne a athrú;

(d) ina leagfar amach na horduithe a bheidh á lorg ar an gCúirt Achomhairc, agus

(e) ina n-áireofar liosta d’aon doiciméid bhreise nach mbeidh sainaitheanta san fhógra achomhairc a mbeidh ar intinn ag an bhfreagróir seasamh orthu tráth éisteachta an achomhairc.

(ii) Is i bhFoirm Uimh. 30 i bhFoscríbhinn C a bheidh fógra chun críocha alt 32(3) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, agus déanfar é a thaisceadh san Oifig agus déanfar cóip de a sheirbheáil ar an achomharcóir agus ar gach freagróir eile laistigh de 14 lá tar éis an fógra achomhairc a sheirbheáil.

VI. ÉISTEACHT ORDACHÁN A BHEITH INFHEIDHME MAIDIR LE GACH ACHOMHARC SIBHIALTA

Éisteacht ordachán
16. (i) Mura n-ordófar a mhalairt, déanfaidh an t-achomharcóir, tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht ordachán, leabhrán ordachán innéacsaithe a mbeidh na leathanaigh uimhrithe ann a thaisceadh san Oifig, le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc, ar leabhrán é ina gcuimseofar cóipeanna de na nithe seo a leanas ann:

(a) an breithiúnas agus/nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne;
(b) [5] an fógra um achomharc;
(c) gach fógra freagróra a bheidh seachadta, agus
(d) aon doiciméad eile san achomharc a mbeidh beartaithe ag aon pháirtí tagairt a dhéanamh dó ag an éisteacht ordachán.

(ii) Freastalóidh an t-aturnae a bheidh freagrach as seoladh an achomhairc agus abhcóide a bheidh faoi theagasc san achomharc, más amhlaidh a bheidh, ar an éisteacht ordachán. I gcás nach mbeidh abhcóide nó aturnae ag feidhmiú thar ceann páirtí nach comhlacht corpraithe, is é an páirtí féin a fhreastalóidh ar an éisteacht ordachán. I gcás ina measfaidh an Chúirt Achomhairc gur gá nó gurb inmhianaithe é, féadfaidh sí a ordú go bhfreastalóidh páirtí nó, i gcás inar comhlacht corpraithe é an páirtí, oifigeach cuí an pháirtí sin, ar an éisteacht ordachán, d’ainneoin go bhféadfaidh go mbeidh abhcóide nó aturnae ag feidhmiú thar ceann an pháirtí.
(iii) Áiritheoidh gach abhcóide agus aturnae a bheidh ag freastal ar an éisteacht ordachán é a bheith sách eolach ar na himeachtaí, agus údarás a bheith aige ón bpáirtí a mbeidh sé ag feidhmiú thar a cheann, chun déileáil le haon ábhair ar dóigh go ndéileálfar leo ag an éisteacht ordachán.

(iv) Gan dochar do ghinearáltacht Ordú 86, riail 3, féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ag an éisteacht ordachán, aon cheann de na hordacháin seo a leanas a thabhairt:

(i) ag socrú aon saincheisteanna a bheidh le cinneadh san achomharc;
(ii) chun an t-achomharc a chomhdhlúthú le hachomharc nó le hábhar eile a bheidh ar feitheamh sa Chúirt Achomhairc;

(iii) chun na páirtithe, nó aon pháirtí díobh, do shainiú saincheisteanna, lena n-áireofar malartú meabhrán idir na páirtithe chun saincheisteanna a shoiléiriú;

(iv) ag ceadú d’aon pháirtí a fhógra a athrú nó a leasú, nó ag ceadú ráiteas saincheisteanna a leasú;

(v) á cheangal liostaí doiciméad a chomhdú, go ginearálta nó maidir le hábhair shonracha;

(vi) ag déanamh socraithe maidir le doiciméid nó faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó maidir leis na páirtithe do tharchur doiciméad nó faisnéise go leictreonach chuig an gCláraitheoir ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí, a ordóidh an Chúirt Achomhairc;

(vii) ag déanamh socraithe maidir leis na doiciméid a bheidh le háireamh sa leabhrán achomhairc atá le comhdú de réir riail 17;

(viii) ag socrú na dtráthanna a mbeidh aighneachtaí i scríbhinn, maidir leis an achomharc nó le saincheist san achomharc, ina sainaithneofar na saincheisteanna a bheidh ag teacht chun cinn san achomharc agus ina dtabharfar aghaidh orthu, le seachadadh agus le comhdú ag gach páirtí san achomharc, agus déanfar na haighneachtaí sin i scríbhinn a chomhdú go leictreonach i gcás ina n-ordóidh an Cláraitheoir amhlaidh.

(v) I gcás ina ndéanfar an éisteacht ordachán a chur ar atráth, déanfaidh an t-achomharcóir, i gcás inar gá sin, tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a mbeidh an t-achomharc curtha ar atráth chuige, leabhrán ordachán arna thabhairt cothrom le dáta a thaisceadh san Oifig le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc.
(vi) Ag an éisteacht ordachán:

(a) i gcás gnáthachomhairc, féadfaidh an Chúirt Achomhairc, nó
(b) i gcás achomhairc bhrostaithe, déanfaidh an Chúirt Achomhairc, mura rud é, ar chúis speisialta, go measfaidh sí nach féidir déanamh amhlaidh,

dáta a shocrú agus tréimhse ama a leithroinnt chun an t-achomharc a éisteacht.

Leabhrán achomhairc agus páipéir

17. (i) Faoi réir aon ordacháin chleachtais reachtúil agus théarmaí aon ordaithe arna dhéanamh ag an éisteacht ordachán, déanfaidh an t-achomharcóir, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc a éisteacht, trí chóip de leabhar achomhairc innéacsaithe a mbeidh na leathanaigh uimhrithe ann (dá ngairtear an “leabhrán achomhairc” sa Chuid seo) a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus a sheirbheáil ar gach freagróir dá ndéanfaidh an t-achomharc difear, ar leabhrán é ina gcuimseofar na nithe seo a leanas:

(a) [6] cóip den fhógra  achomharc;
(b) cóip d’fhógra an fhreagróra;
(c) i gcás ina mbeidh an t-achomharc in imeachtaí a bheidh arna dtionscnamh le toghairm iomlánach, cóipeanna den toghairm, aon ráiteas éilimh, agus cosaint, agus aon iarrataí ar shonraí agus freagraí orthu, in ord cróineolaíoch;
(d) i gcás ina mbeidh an t-achomharc in aon imeachtaí eile, cóipeanna den doiciméad tionscnaimh agus aon doiciméad de chineál cosanta nó ráitis fhreasúra;
(e) cóipeanna de gach mionnscríbhinn (lena n-áireofar gach foilseán), arna leagan amach in ord cróineolaíoch, a mbeifear tar éis seasamh uirthi nó í a oscailt sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi le linn na héisteachta ag a mbeifear, nó ar dá héis a bheifear, tar éis an cinneadh a dhéanamh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne;
(f) cóip fhianaithe den ordú ón gcúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh ina choinne agus cóipeanna fianaithe d’aon ordú breise nó eile ón gcúirt sin is iomchuí maidir leis an achomharc;
(g) i gcás ina mbeidh breithiúnas i scríbhinn tugtha sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi agus an bhreith a mbeidh achomharc á dhéanamh ina coinne sa bhreithiúnas sin, cóip fhianaithe den bhreithiúnas i scríbhinn arna fhormheas ag an gcúirt sin;
(h) i gcás nach mbeidh breithiúnas i scríbhinn tugtha sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, athscríbhinn d’aon bhreithiúnas ó bhéal ón gcúirt sin maidir leis an ábhar a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne, agus í deimhnithe a bheith ina hathscríbhinn chruinn ag an duine a bheidh tar éis bheith freagrach as an athscríbhinn a ullmhú, agus fíordheimhnithe ag Breitheamh na cúirte sin;


(i) i gcás inar gá sin, ná ansin féin ach a mhéid is gá sin, chun an t-achomharc a chinneadh go cuí, athscríbhinn:
(i) d’aon rialú nó ordachán ón mBreitheamh sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi maidir leis an ábhar a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne, agus

(ii) na sleachta as taifead na n-imeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi ina mbeidh aon fhianaise ó bhéal a bheidh faighte sa chúirt sin agus arb iomchuí í maidir leis an achomharc, agus í deimhnithe a bheith ina hathscríbhinn chruinn ag an scríbhneoir athscríbhinne;


(j) na haighneachtaí i scríbhinn ó gach páirtí, ina sainaithneofar na saincheisteanna a bheidh ag teacht chun cinn san achomharc agus ina dtabharfar aghaidh orthu, agus
(k) cóipeanna de na doiciméid a mbeidh gach páirtí ag seasamh orthu, arna sonrú san fhógra achomhairc agus i bhfógra an fhreagróra faoi seach, ar an gcoinníoll, i gcás nach mbeifear ag seasamh ach ar shliocht as aon doiciméad, lena n-áireofar aon athscríbhinn, gur leor gan ach an sliocht sin a áireamh.

(ii) Déanfaidh an t-achomharcóir aon chóip amháin den athscríbhinn iomlán den fhianaise a bheidh tugtha sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi a thaisceadh in éineacht leis an leabhrán achomhairc. Déanfar an athscríbhinn a thaisceadh go leictreonach i gcás ina n-ordóidh an Cláraitheoir amhlaidh.
(iii) Déanfaidh an t-achomharcóir trí chóip de leabhar innéacsaithe comhaontaithe de na húdaráis ar a mbeidh na páirtithe go léir ag seasamh a shíneadh isteach sa chúirt tráth éisteachta an achomhairc.

Éisteacht ordachán bhreise

18. [7] Féadfaidh an Cláraitheoir, tráth ar bith, achomharc a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc, ar fhógra a bheith tugtha do na páirtithe maidir le cibé ordacháin a thabhairt, nó cibé orduithe a dhéanamh, is cuí leis an gCúirt Achomhairc sna himthosca, chun na himeachtaí a stiúradhí.


VII. ACHOMHAIRC THOGHCHÁIN

Forálacha áirithe maidir le hachomhairc thoghcháin
19. (i) Tá feidhm ag forálacha na rialach seo maidir le hachomhairc chun na Cúirte Achomhairc ar cheisteanna dlí

(a) ón gCúirt Chuarda faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974, agus
(b) ón Ard-Chúirt faoi Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, arna leasú, faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, arna leasú, faoin Acht Toghcháin, 1992, faoi Acht Toghchán an Uachtaráin, 1993, agus faoin Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997.

(ii) Is le fógra achomhairc san fhoirm, más ann, a bheidh forordaithe de thuras na huaire sna Rialacha Cúirte Cuarda agus, in aon chás eile, de réir Chuid V, a dhéanfar gach achomharc faoi fho-riail (1)(a).
(iii) Is le fógra achomhairc de réir Chuid V a dhéanfar gach achomharc faoi fho-riail (1)(b).

(iv) Déanfar dáta fillte i gcomhair éisteachta ordachán a shannadh do gach fógra achomhairc a eiseofar faoin riail seo.

(v) Déanfar gach fógra achomhairc dá dtagraítear sa riail seo a sheirbheáil laistigh de 28 lá ó dháta fógartha an bhreithiúnais nó an ordaithe, i gcúirt oscailte, a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne, agus déanfar é a thaisceadh láithreach leis an gCláraitheoir.

(vi) I gcás achomhairc faoi fho-riail (1)(a), déanfaidh an Cláraitheoir iarratas chun an Chláraitheora Contae ar cibé doiciméid a bheidh taiscthe sa Chúirt Chuarda chun críocha an achomhairc.

(vii) Déanfaidh an scríbhneoir athscríbhinne athscríbhinn de na himeachtaí ar fad ag an triail, nó de cibé cuid de na himeachtaí a éileoidh an Cláraitheoir, a chur ar fáil. Deimhneoidh an scríbhneoir athscríbhinne an athscríbhinn a bheith ina hathscríbhinn chruinn iomlán den taifead ar fad, nó den chuid a bheidh éilithe. D’éagmais athscríbhinne, déanfaidh an Cláraitheoir Contae cóip shínithe den nóta a bheidh déanta ag an mBreitheamh den Chúirt Chuarda faoi aon cheist dlí a bheidh ardaithe os a chomhair agus faoi na fíorais i bhfianaise i ndáil leis an gceist sin, agus dá bhreith ar an gceist sin agus ar an gceist nó ar an ábhar a bheidh curtha faoina bhráid, a thabhairt don Chláraitheoir. Déanfar na doiciméid, an scríbhinn nó an nóta sin a sholáthar le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc agus féadfar iad a úsáid agus a ghlacadh tráth éisteachta an achomhairc.

(viii) Iarrfaidh an Cláraitheoir ar an gCláraitheoir Contae, freisin, comhad de na doiciméid agus na páipéir go léir a bhainfidh leis an gcás a tharchur chuig a oifig le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc.

(ix) Más rud é nach féidir tuarascáil, nó nóta mar a luaitear i bhfo-riail (7), a thabhairt ar aird, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh ar aon fhianaise nó ráiteas eile i dtaobh a mbeidh tarlaithe os comhair an Bhreithimh den Chúirt Chuarda is leor leis an gCúirt Achomhairc.

(x) I gcás achomhairc faoi fho-riail (1)(b), déanfaidh an t-achomharcóir cóip fhianaithe de bhreithiúnas nó d’ordú na hArd-Chúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne, agus na leabhair achomhairc dá dtagraítear i riail 17, a thaisceadh leis an gCláraitheoir. Más rud é nach dtaiscfear aon athscríbhinn de na himeachtaí os comhair, na hArd-Chúirte, déanfaidh Cláraitheoir cuí na hArd-Chúirte cóip shínithe den nóta a bheidh déanta ag an mBreitheamh den Ard-Chúirt faoi aon cheist dlí a bheidh ardaithe os a chomhair agus faoi na fíorais agus faoin bhfianaise a bhainfidh leis an gceist sin, agus dá bhreith ar an gceist sin agus ar an gceist nó na hábhair a bheidh curtha faoina bhráid, a thabhairt don Chláraitheoir. Déanfar na cóipeanna sin a sholáthar le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc, agus féadfar iad a úsáid agus a ghlacadh tráth éisteachta an achomhairc.

(xi) Iarrfaidh an Cláraitheoir ar Chláraitheoir cuí na hArd-Chúirte, freisin, comhad de na doiciméid agus na páipéir go léir a bhainfidh leis an gcás a tharchur chuige le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc.

(xii) Más rud é nach féidir nóta mar a luaitear i bhfo-riail (10) a thabhairt ar aird, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh ar aon fhianaise nó ráiteas eile i dtaobh a mbeidh tarlaithe os comhair an Bhreithimh den Ard-Chúirt is leor leis an gCúirt Achomhairc.

(xiii) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra faoin ordú a bheidh déanta ag an gCúirt Achomhairc lena ndéanfar aon achomharc a chinneadh go críochnaitheach a thabhairt i bhFoirm Uimh. 8 do gach duine de na daoine a shonraítear in alt 14(3) d’Acht 1974 i gcás achomhairc faoi fho-riail (1)(a), nó do gach duine de na daoine a bheidh i dteideal, faoi Ordú 97, riail 21(1), cóip den ordú críochnaitheach ón Ard-Chúirt a fháil i gcás achomhairc faoi fho-riail (1)(b).

(xiv) Tá feidhm ag an riail seo, a mhéid is indéanta, agus fara cibé modhnuithe is gá, maidir le gach achomharc faoi na hAchtanna Toghcháin.

VIII. ACHOMHAIRC A SHOCRÚ, A THARRAINGT SIAR NÓ A GHÉILLEADH

Achomhairc a chinneadh trí shocraíocht, trí thréigean, etc
20. (i) Nuair a dhéanfar achomharc a shocrú nó a chomhréiteach, déanfaidh gach páirtí a bheidh tar éis bheith páirteach sa tsocraíocht nó sa chomhréiteach é sin a chur in iúl don Chláraitheoir i scríbhinn.

(ii) I gcás ina gcuirfidh páirtí in iúl i scríbhinn don Chláraitheoir gan aon saincheist i dtaobh chostais an achomhairc a bheith gan réiteach fós agus gan aon riachtanas a bheith ag teacht chun cinn go ndéanfadh an Chúirt Achomhairc ordú, agus go ndéanfaidh an páirtí litir ó gach páirtí eile lena mbainfidh, á dhaingniú sin, a thabhairt ar aird don Chláraitheoir, measfar an t-achomharc a bheith cinnte gan aon ordú eile.

(iii) I gcás ina dtabharfaidh páirtí fógra i scríbhinn do gach páirtí eile lena mbainfidh, agus don Chláraitheoir, á rá é a bheith ar intinn aige an t-achomharc a tharraingt siar nó a ghéilleadh:

(a) féadfar, ar iarratas ó pháirtí nó ar ordú ón gCláraitheoir, na himeachtaí a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc, iar bhfógra chun na bpáirtithe eile, chun a chumasú aon ordú iarmhartach riachtanach a dhéanamh, agus
(b) féadfaidh an Cláraitheoir cinneadh an achomhairc a chur in iúl d’oifigeach cuí na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi agus d’aon duine eile a mheasfaidh sé is gá.

IX. ÚS

Ús breise lamháilte gan ordú speisialta
21. Ar achomharc chun na Cúirte Achomhairc, mura rud é go n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, measfar ús a bheith lamháilte i leith cibé tréimhse ama a mbeidh moill curtha ag an achomharc le forghníomhú, agus féadfaidh an Máistir Fómhais nó an t-oifigeach cuí eile an méid breise úis a ríomh gan aon ordú chun na críche sin.

 

[3]  Ordú 86A Cuid IV (lena n-áirítear rialacha 7-11 go huile) scriosta ag IR 469 de 2018 le héifeacht an 10 Nollaig 2018.
[4]  Ordú 86A riail 12 arna chur in ionad IR 469 de 2018 le héifeacht an 10 Nollaig 2018.
[5]  Ordú 86A riail 16(1)(b) arna ionadú ag IR 469 de 2018 le héifeacht an 10 Nollaig 2018.
[6] Ordú 86A riail 17(1)(a) arna ionadú ag IR 469 de 2018 le héifeacht an 10 Nollaig 2018.
[7] Ordú 86A riail 18 arna chur in ionad IR 469 de 2018 le héifeacht ón 10 Nollaig 2018.