Ordú 86D

Appeals and other applications to the Court of Appeal in military proceedings : S.I. No. 485 of 2014

I. FEIDHM AN ORDAITHE SEO AGUS LÉIRIÚ


Feidhm an Ordaithe seo
1. Níl feidhm ag an Ordú seo ach amháin maidir le himeachtaí sa Chúirt Achomhairc i bhfoirm achomhairc nó tarchuir ó bhinse míleata (lena n-áirítear aon armchúirt nó breitheamh míleata).
Léiriú

2. San Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Cosanta, 1954;

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht um Achomhairc Armchúirteanna, 1983;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht Cosanta (Leasú), 2006;

ciallaíonn “Riarthóir Armchúirte” an Riarthóir Armchúirte a bheidh ceaptha faoi Chaibidil IVA de Chuid V d’Acht 1954;

ciallaíonn “beairic choinneála” foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh a mbeidh dearbhaithe faoi alt 232 d’Acht 1954 gur beairic choinneála é nó í;

ciallaíonn “Stiúrthóir” an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a bheidh ceaptha faoi Chaibidil IVB de Chuid V d’Acht 1954;

ciallaíonn “foilseán” aon doiciméad nó ní a bheidh tugtha ar aird agus a bheidh úsáidte mar fhianaise ag armchúirt na trialach, cibé acu a ghabhann sé le himeachtaí na harmchúirte nó nach ngabhann;

ciallaíonn “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc armchúirte)” deimhniú le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil in aisce dá dtagraítear in alt 28 d’Acht 1983;

tá le “breitheamh míleata” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d’Acht 1954;

ciallaíonn “imeachtaí míleata” imeachtaí i bhfoirm achomhairc nó tarchuir ó bhinse míleata (lena n-áirítear aon armchúirt nó breitheamh míleata);

folaíonn “príosún” príosún míleata;

ciallaíonn “fógairt” fógairt de réir rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bheidh déanta ag an Aire Cosanta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 240 d’Acht 1954;

ciallaíonn “ionchúisitheoir” an Stiúrthóir, agus folaíonn sé aon oifigeach ionchúisimh a bheidh ceaptha faoi alt 184F(1) d’Acht 1954 agus aon abhcóide nó aturnae a bheidh faoi theagasc ceachtar díobh nó a bheidh ag feidhmiú ar son ceachtar díobh;

ciallaíonn “armchúirt na trialach” armchúirt a ndéanann duine achomharc chun na Cúirte Achomhairc i gcoinne an chiontaithe, na pianbhreithe, an chinnidh nó an ordaithe uaithi, nó a ndéantar ceist dlí a tharchur chun na Cúirte Achomhairc uaithi.


II. FÓGRA ACHOMHAIRC

Fógra achomhairc
3. (i) Déanfaidh duine ar mian leis achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí míleata fógra achomhairc i bhFoirm Uimh. 37 a thaisceadh leis an gCláraitheoir. Tabharfar freagra ar an gceist, agus déanfar de réir na gceanglas a bheidh leagtha amach san fhoirm sin, san fhógra a sheirbheálfar amhlaidh.

(ii) Déanfaidh an t-achomharcóir féin, ach amháin sna cásanna a luaitear i bhfo-rialacha (3) agus (4), gach fógra achomhairc a shíniú. Is i scríbhinn a bheidh aon fhógra eile agus síneoidh an duine a bheidh á thabhairt, nó a aturnae, é.

(iii) Maidir le hachomharcóir nó le haon duine eile a bheidh údaraithe, nó a gceanglófar air, aon fhógra a thabhairt nó a sheoladh, i gcás nach mbeidh sé ábalta scríobh, féadfaidh sé a mharc a dhaingniú den fhógra i láthair finné a fhianóidh an céanna agus measfar, air sin, an fógra sin a bheith sínithe go cuí aige.

(iv) I gcás go líomhnaítear go bhfuil achomharcóir ina ghealt an tráth a cheanglaítear air nó a údaraítear dó aon fhógra a thabhairt, féadfaidh aturnae nó duine eile an fógra sin a thabhairt agus a shíniú thar a cheann.

(v) I ngach cás nach mbeidh achomharcóir i bpríosún nó i mbeairic choinneála nó ina mbeidh aturnae ag feidhmiú ar a shon, déanfar a fhógra achomhairc a sheirbheáil ar an gCláraitheoir go pearsanta nó tríd an gcéanna a sheachadadh ar an oifigeach cuí in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc, Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath, nó tríd an gcéanna a sheoladh leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuig an gCláraitheoir. Sna cásanna eile go léir nach bhforáiltear dóibh go sonrach, féadfar seirbheáil a dhéanamh go pearsanta ar aon fhógra nó doiciméad eile nó féadfar é a dhéanamh tríd an gcéanna a sheoladh leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine ar a mbeidh sé le seirbheáil.

Teorainn ama chun fógra achomhairc a thaisceadh

4. (i) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-riail (2), déanfar gach fógra achomhairc a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta ar a ndéanfar cinneadh agus pianbhreith armchúirt na trialach a fhógairt.

(ii) I gcás duine a bheidh ciontaithe ag armchúirt le linn dó a bheith ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe (arna mhíniú in alt 1(1) den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960), nó le linn dó a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 d’Acht 2006, déanfar fógra achomhairc a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 35 lá tar éis dháta na fógartha a luaitear i bhforiail (1).

Fógra i dtaobh fógra achomhairc a fháil

5. Nuair a bheidh fógra achomhairc faighte ag an gCláraitheoir, tabharfaidh sé fógra ina thaobh, i bhFoirm Uimh. 38, don Stiúrthóir, don Riarthóir Armchúirte, do Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann agus dóibh seo a leanas, chomh maith, más rud é go bhfuil an t-achomharcóir i bpríosún nó i mbeairic choinneála nó más rud é go mbeidh oibriú a phianbhreithe curtha ar fionraí nó más rud é go mbeidh sé scaoilte saor faoi bhannaí:—

(a) Rialtóir an phríosúin sin nó na beairice coinneála sin, de réir mar a bheidh, agus
(b) Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta;

ar an gcoinníoll nach gceanglófar ar an gCláraitheoir an fógra sin a thabhairt do Rialtóir príosúin nó beairice coinneála más rud é go mbeidh fógra achomhairc an achomharcóra curtha ar aghaidh chuig an gCláraitheoir ag an Rialtóir sin.

III. IARRATAS CHUN PIANBHREITH A ATHBHREITHNIÚ

Iarratas ar athbhreithniú ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata
6. (i) Maidir le hiarratas ón Stiúrthóir chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 212B d’Acht 1954 agus de réir alt 22B d’Acht 1983 chun pianbhreith arna gearradh ag armchúirt a athbhreithniú, déanfar é a thionscnamh trí fhógra faoi athbhreithniú i bhFoirm Uimh. 39 a sheirbheáil ar an gCláraitheoir. Déanfar cóip den fhógra a sheirbheálfar amhlaidh a sheirbheáil ar an duine ciontaithe agus ar an

Riarthóir Armchúirte.

(ii) Leanfaidh an nós imeachta ar iarratas den sórt sin, chomh gar agus is féidir, an nós imeachta ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 2(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993 chun pianbhreith a athbhreithniú, is pianbhreith arna forchur ag cúirt ghearrtha pianbhreithe ar dhuine a chiontú ar díotáil.


IV. CEIST DLÍ A THARCHUR

An armchúirt achomair do tharchur ceist dlí
7. (i) I gcás go ndéanfaidh an armchúirt achomair ceist dlí a tharchur chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 178G(5) d’Acht 1954 nó alt 22A d’Acht 1983, déanfaidh an Riarthóir Armchúirte (nó oifigeach eile a bheidh údaraithe go cuí chun na críche sin ag an armchúirt achomair), a luaithe a bheidh an tarchur, ina mbeidh an cheist, socraithe agus sínithe ag an mbreitheamh míleata, ainm an pháirtí (más ann) a mbeidh an tarchur iarrtha aige, ainm an pháirtí a mbeidh cúram an tarchuir air, agus ainmneacha agus seoltaí na n-aturnaetha (más ann) thar ceann na bpáirtithe, a fhormhuiniú ar an tarchur sin.

(ii) Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte nó an t-oifigeach eile sin, laistigh de sheacht lá tar éis an tsínithe sin, an chóip bhunaidh den tarchur sin mar aon le cibé doiciméid nó ábhair eile arna bhforordú chuige sin le haon Rialacha Armchúirte a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a thaisceadh leis an gCláraitheoir, agus déanfaidh an Cláraitheoir an céanna a leagan síos lena éisteacht os comhair na Cúirte Achomhairc.

(iii) Déanfaidh an Cláraitheoir an cás sonraithe a thaifeadadh os comhair na Cúirte Achomhairc le haghaidh ordachán.

(iv) Déanfaidh na páirtithe aighneachtaí i scríbhinn ar an gcás sonraithe a sheachadadh nó a mhalartú agus iad a thaisceadh san Oifig, i gcomhréir le ceanglais aon ordacháin chleachtais reachtúil is infheidhme, ag an tráth nó na tráthanna a bheidh forordaithe le haon ordachán cleachtais reachtúil is infheidhme nó a ordóidh an Chúirt Achomhairc.

(v) A luaithe a bheidh na páipéir is gá in ord agus ullamh, tiocfaidh an tarchur ar aghaidh lena éisteacht de réir a oird ar an liosta, mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt. Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte nó cibé oifigeach eile, díreach tar éis an tarchur a thaisceadh, fógra i dtaobh an tsínithe agus an taiscthe sin a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar gach páirtí a láithrigh tráth éisteachta an achomhairc os comhair na harmchúirte achoimre ar ina leith a bheidh an cheist tarchurtha.

(vi) Tar éis fógra i dtaobh an tsínithe agus an taiscthe a sheirbheáil, féadfaidh aon pháirtí leasmhar, ar iarratas chun an Chláraitheora, cóip amháin nó níos mó den tarchur agus d’aon doiciméid nó ábhair eile a bheidh taiscthe leis a fháil.

(vii) Déanfaidh an páirtí a mbeidh cúram an tarchuir air, laistigh de 21 lá tar éis an fógra i dtaobh an tsínithe agus an taiscthe a sheirbheáil, an líon riachtanach cóipeanna den tarchur, agus d’aon doiciméid nó ábhair eile a bheidh taiscthe leis, a thaisceadh leis an gCláraitheoir.


V. AN TRÉIMHSE AMA CHUN ACHOMHARC A DHÉANAMH A MHÉADÚ

Iarratas chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh a mhéadú
8. (i) Maidir leis an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun aon ghníomh a dhéanamh nó chun aon imeacht a thionscnamh, féadfaidh an Chúirt Achomhairc í a mhéadú ar cibé téarmaí (más ann) is gá de réir cheartas an cháis, agus féadfar aon mhéadú den sórt sin a ordú d’ainneoin nach mbeidh an t-iarratas ar an gcéanna déanta go dtí go mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha caite.

(ii) Is i bhFoirm Uimh. 40 a bheidh iarratas chun na Cúirte Achomhairc ar mhéadú ar thréimhse ama ar lena linn a fhéadfar fógra achomhairc a sheirbheáil.

(iii) Chomh maith le forais an iarratais sin a shonrú, sonrófar san fhoirm iarratais, freisin, na forais ar a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir a achomharc a bhunú.


VI. ORDUITHE Ó ARMCHÚIRT NA TRIALACH A CHUR AR FIONRAÍ FAD A BHEIDH ACHOMHARC AR FEITHEAMH

Fíneálacha áirithe a chur ar fionraí
9. (i) I gcás go ndearnadh, ar dhuine a chiontú, fíneáil a chur de phianbhreith air, déanfaidh an duine a bheidh údaraithe go dleathach chun an fhíneáil sin a fháil, ar an gcéanna a fháil, í a choinneáil go dtí go ndéanfar aon achomharc i ndáil léi a chinneadh.

(ii) Maidir le hachomharcóir a mbeidh fíneáil curtha de phianbhreith air agus a mbeidh an céanna íoctha aige de réir na pianbhreithe sin, más rud é go n-éireoidh le hachomharc uaidh, beidh sé i dteideal, faoi réir aon ordaithe ón gCúirt Achomhairc, go ndéanfar an tsuim a bheidh íoctha aige amhlaidh a aisíoc leis.
Orduithe cúitimh áirithe a chur ar fionraí

10. I gcás, ar dhuine a chiontú, go n-ordóidh armchúirt na trialach, de bhun alt 213 d’Acht 1954, go n-íocfaidh an duine sin suim mar chúiteamh in aon díobháil phearsanta, caiteachas, caillteanas, damáiste nó díothú arb é an cion inar ciontaíodh é ba chúis léi nó leis, déanfar oibriú ordacháin den sórt sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh 28 lá glan caite, nó in aon chás lena mbainfidh riail 4(2), go dtí go mbeidh 35 lá glan caite tar éis dháta fógartha chinneadh agus phianbhreith armchúirt na trialach agus, i gcásanna ina mbeidh fógra achomhairc tugtha go cuí, leanfaidh tréimhse fionraí an ordacháin sin ar aghaidh go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chinneadh.

Cúiteamh a íocadh a ghnóthú ar achomharc a n-éiríonn leis

11. Maidir le hachomharcóir a mbeidh ordaithe ag armchúirt na trialach dó aon suim a íoc mar chúiteamh agus a mbeidh an céanna íoctha aige de réir an ordacháin sin, beidh sé, i gcás go n-éireoidh le hachomharc uaidh, i dteideal, faoi réir aon ordaithe ón gCúirt Achomhairc, go ndéanfar an tsuim a bheidh íoctha aige amhlaidh a aisíoc leis.


VII. IMEACHTAÍ ARMCHÚIRT NA TRIALACH

Imeachtaí armchúirt na trialach a sheachadadh ar an gCláraitheoir
12. (i) Ar iarraidh ón gCláraitheoir, déanfaidh an Riarthóir Armchúirte imeachtaí armchúirt na trialach a thabhairt dó.

(ii) Féadfaidh páirtí a bhfuil leas aige in achomharc chun na Cúirte Achomhairc cóip d’imeachtaí armchúirt na trialach nó aon chuid díobh a bhaineann leis an achomharc a fháil ón gCláraitheoir ar na táillí cuí a íoc.


VIII. FOILSEÁIN LENA nÚSÁID AG AN gCÚIRT ACHOMHAIRC AGUS AG ACHOMHARCÓIRÍ

Doiciméid, foilseáin, etc.
13. (i) Féadfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas arna dhéanamh chuige ón achomharcóir nó ón ionchúisitheoir, nó déanfaidh sé, i gcás go measfaidh sé gur gá an céanna chun aon achomharc a chinneadh go cuí nó go n-ordóidh an Chúirt Achomhairc dó déanamh amhlaidh, aon doiciméid, foilseáin, nó nithe eile a bhaineann leis na himeachtaí a bheidh os comhair na Cúirte Achomhairc a fháil agus a choimeád ar fáil lena n-úsáid ag an gCúirt Achomhairc. Fad a bheidh cinneadh an achomhairc ar feitheamh, beidh na doiciméid, na foilseáin, nó na nithe eile sin ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon pháirtí a mbeidh leas aige iontu, de réir mar a shocróidh agus nuair a shocróidh an Cláraitheoir é. I gcásanna oiriúnacha féadfaidh an Cláraitheoir, in ionad seilbh a fháil ar aon doiciméid, foilseáin nó nithe eile den sórt sin, a ordú d’aon duine a mbeidh siad ina choimeád agus faoina urláimh an céanna a chur ar fáil lena iniúchadh ag aon pháirtí a mbeidh leas aige ann cibé am agus áit a ordóidh an Cláraitheoir.

(ii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ag aon chéim d’achomharc, ar iarratas ó achomharcóir nó ón ionchúisitheoir, a ordú d’aon duine a mbeidh aon doiciméad, foilseán, nó ní eile a bheidh bainteach leis na himeachtaí ina choimeád nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Chláraitheoir.

(iii) Is le seirbheáil phearsanta a sheirbheálfar aon ordú arna dhéanamh faoin riail seo, mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, agus d’fhonn seirbheáil chuí a dhéanamh air, féadfaidh an Cláraitheoir cúnamh a éileamh ón nGarda Síochána, agus beidh sé de dhualgas orthu aon ordacháin ón gCláraitheoir faoin riail seo a chomhlíonadh.
Cóipeanna a fháil

14. (i) Aon tráth tar éis fógra achomhairc a sheirbheáil, féadfaidh achomharcóir nó an t-ionchúisitheoir, nó an t-aturnae nó duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son ceachtar díobh, cóipeanna d’aon doiciméid nó foilseáin a bheidh i seilbh an Chláraitheora a fháil uaidh chun críche an achomhairc sin. Déanfaidh an Cláraitheoir na cóipeanna sin a sholáthar ar na táillí cuí a íoc.

(ii) Déanfaidh an Cláraitheoir cóip d’imeachtaí armchúirt na trialach a sholáthar saor in aisce:

(a) d’achomharcóir a mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc armchúirte) deonaithe dó, agus
(b) d’aon achomharcóir eile le hordú ón gCúirt Achomhairc.

(iii) Maidir le hachomharcóir nach mbeidh dlíodóir ag feidhmiú ar a shon, nó a mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc armchúirte) deonaithe dó, i gcás go ndéanfaidh sé cóip d’aon doiciméad nó foilseán a bheidh i gcoimeád an Chláraitheora a éileamh ar an gCláraitheoir chun críocha a achomhairc, féadfaidh sé í a fháil saor in aisce má mheasann an Cláraitheoir gur cuí an céanna a sholáthar.

IX. TUARASCÁIL DON CHÚIRT ACHOMHAIRC

Tuarascáil ó bhreitheamh míleata
15. (i) Déanfaidh an Cláraitheoir, aon uair a ordóidh an Chúirt Achomhairc dó déanamh amhlaidh i ndáil le haon achomharc, a iarraidh ar an mbreitheamh míleata a bhí i gceannas ag armchúirt na trialach tuarascáil i scríbhinn a thabhairt dó ar an gcás i gcoitinne nó ar aon phointe a éiríonn as, agus déanfaidh an breitheamh míleata a mbeidh iarrtha amhlaidh air an céanna a thabhairt de réir na hiarrata sin.

(ii) Tabharfar an tuarascáil sin don Chúirt Achomhairc agus, ach amháin le cead na Cúirte Achomhairc, ní thabharfaidh an Cláraitheoir aon chuid di d’aon duine.


X. OIBRIÚ PIANBHREITHE COIMEÁDTA A CHUR AR FIONRAÍ

Oibriú pianbhreithe coimeádta a chur ar fionraí ag feitheamh ar chinneadh achomhairc
16. (i) Maidir le hachomharcóir is comhalta d’Óglaigh na hÉireann agus ar mian leis go ndéanfar oibriú pianbhreithe príosúnachta nó coinneála a bheidh forchurtha air a chur ar fionraí ag feitheamh ar chinneadh a achomhairc, déanfaidh sé fógra i bhFoirm Uimh. 41 i dtaobh a iarratais ar an bhfionraí sin, a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis, a sheirbheáil ar an gCláraitheoir. Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an iarratais sin a thabhairt láithreach don Stiúrthóir agus, a luaithe a bheidh dáta socraithe ag an gCúirt Achomhairc chun an t-iarratas sin a éisteacht, tabharfaidh sé fógra don achomharcóir, don Riarthóir Armchúirte agus don Stiúrthóir ina thaobh.

(ii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc oibriú pianbhreithe coimeádta a chur ar fionraí faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(iii) Tabharfaidh an Cláraitheoir fógra do Rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála, de réir mar a bheidh, ar laistigh de nó di a bheidh an t-achomharcóir gaibhnithe, i dtaobh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a mbeidh oibriú phianbhreith an achomharcóra á chur ar fionraí ag an gCúirt Achomhairc.

(iv) Maidir le hachomharcóir ar cuireadh oibriú a phianbhreithe ar fionraí, ceanglófar air, le hordú ón gCúirt Achomhairc, a bheith i láthair i bpearsa agus beidh sé i láthair i bpearsa ag gach uile éisteacht ar a achomharc, agus ag an gcinneadh críochnaitheach a dhéanfar ar a achomharc, agus déanfaidh sé, aon uair a ghlaofar a chás os comhair na Cúirte Achomhairc, é féin a thabhairt suas chuig cibé daoine a ordóidh an Chúirt Achomhairc ó thráth go chéile, agus féadfaidh siad é a chuardach, agus measfar go bhfuil sé ina gcoimeád dleathach, go dtí go scaoilfear saor arís é ar oibriú a phianbhreithe a chur ar fionraí nó go ndéileálfar leis ar shlí eile de réir mar a ordóidh an Chúirt Achomhairc. I gcás an achomharcóir sin gan a bheith i láthair ag aon éisteacht ar a achomharc, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an céanna a dhíbhe agus barántas a eisiúint chun an t-achomharcóir a ghabháil, i bhFoirm Uimh. 42, nó féadfaidh sí an t-achomharc a bhreithniú gan é a bheith i láthair, nó cibé ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(v) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc aon ordú lena gcuirtear oibriú pianbhreithe príosúnachta nó coinneála ar fionraí a chúlghairm nó a athrú, agus féadfaidh sí, ar é a chúlghairm, barántas i bhFoirm Uimh. 42 a eisiúint chun an t-achomharcóir a ghabháil agus a ordú é a chimiú chun príosúin nó chun beairice coinneála.


XI. BANNAÍ

Iarratas ar bhannaí
17. (i) Maidir le hachomharcóir nach comhalta d’Óglaigh na hÉireann agus ar mian leis go ligfear faoi bhannaí é ag feitheamh ar chinneadh a achomhairc, déanfaidh sé fógra i bhFoirm Uimh. 43 i dtaobh a iarratais ar na bannaí sin, a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis, a sheirbheáil ar an gCláraitheoir. Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an iarratais sin a thabhairt láithreach don Stiúrthóir agus, a luaithe a bheidh dáta socraithe ag an gCúirt Achomhairc chun an t-iarratas sin a éisteacht, tabharfaidh sé fógra don achomharcóir agus don Stiúrthóir ina thaobh.

(ii) Déanfaidh an Chúirt Achomhairc, nuair a bheidh achomharcóir den sórt sin á ligean faoi bhannaí aici, an tsuim (más ann) ina mbeidh an t-achomharcóir agus a urra (más ann) faoi cheangal cúirtbhanna a shonrú.

(iii) Tabharfaidh an Cláraitheoir fógra do Rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála, de réir mar a bheidh, ar laistigh de nó di a bheidh an t-achomharcóir gaibhnithe, i dtaobh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a mbeidh an t-achomharcóir ligthe faoi bhannaí ag an gCúirt Achomhairc.

(iv) Mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, féadfar cúirtbhannaí an achomharcóra agus aon urra a ghlacadh os comhair duine a bheadh údaraithe faoi alt 22(3)(b)go(e) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, chun cúirtbhanna a ghlacadh.

(v) Is i bhFoirm Uimh. 44 a bheidh na cúirtbhannaí. Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina ndéanfar an cúirtbhanna a ghlacadh ó urra, deimhniú i bhFoirm Uimh. 45 a thabhairt don urra sin agus déanfaidh an t-urra sin an deimhniú sin a shíniú agus a choinneáil.

(vi) Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, a bheidh sannta d’aon cheantar Cúirte Dúiche ina ndéanfar aon chúirtbhanna den sórt sin a ghlacadh mar a dúradh, fógra a thabhairt láithreach do Rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála sin, de réir mar a bheidh, i bhFoirm Uimh. 46, á rá go ndearnadh é a chomhlánú.

(vii) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc duine a bheidh i gcoimeád a ligean faoi bhannaí, ní scaoilfear saor an duine go dtí go mbeidh cibé suim (más ann) nó cion den tsuim (más ann) ag a mbeidh an duine agus a urra nó a hurra nó a urraí nó a hurraí (más ann) le cur faoi cheangal íoctha isteach sa chúirt a bheidh cinnte ag an gCúirt Achomhairc.

(viii) I gcás go gcinnfidh an Chúirt Achomhairc duine a ligean faoi bhannaí le hurra amháin nó níos mó, féadfaidh sí a ordú go ndéanfar suim airgid, cóimhéid le suim na mbannaí (de bhreis ar aon suim a bheidh sonraithe i leith chúirtbhanna an achomharcóra féin de réir fho-riail (2)) a ghlacadh in ionad an urra nó na n-urraí sin. I gcás go gceanglófar ar dhuine a bheidh i gcoimeád, nó ar aon urra nó urraí mar choinníoll a ghabhfaidh le cúirtbhanna, aon airgead a íoc isteach sa chúirt faoin gcúirtbhanna sin, nó i gcás go gceanglófar aon urrús a mbeidh glactha leis sa chúirt in ionad íocaíochta den sórt sin a thaisceadh sa chúirt, measfar go mbeidh an t-airgead sin nó an t-urrús sin íoctha isteach sa chúirt nó taiscthe sa chúirt nuair a dhéanfar é a íoc nó a thaisceadh leis an duine a luaitear i bhfo-riail (4) ar os a chomhair a ghlacfar cúirtbhanna an achomharcóra nó, de réir mar a bheidh, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina nglacfar cúirtbhanna ó urra.

(ix) Ar na suimeanna nó ar an urrús is gá a íoc nó a thaisceadh leis an duine sin agus ar an gcúirtbhanna a chomhlánú, scaoilfear saor an t-achomharcóir mura bhfuil de chúis lena bheith nó lena beith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.

(x) Déanfaidh an duine sin, ar os a chomhair a bheidh cúirtbhanna an achomharcóra glactha, na cúirtbhannaí comhlánaithe a tharchur láithreach chuig an gCláraitheoir.

(xi) Maidir le hachomharcóir a ligeadh faoi bhannaí, ceanglófar air, le hordú ón gCúirt Achomhairc faoina ndearnadh é a ligean amhlaidh faoi bhannaí, a bheith i láthair i bpearsa agus beidh sé i láthair i bpearsa ag gach uile éisteacht ar a achomharc, agus ag an gcinneadh críochnaitheach a dhéanfar ar a achomharc, agus déanfaidh sé, aon uair a ghlaofar a chás os comhair na Cúirte Achomhairc, é féin a thabhairt suas chuig cibé daoine a ordóidh an Chúirt Achomhairc ó thráth go chéile, agus féadfaidh siad é a chuardach, agus measfar é a bheith ina gcoimeád dleathach go dtí go scaoilfear saor arís é faoi bhannaí nó go ndéileálfar leis ar shlí eile de réir mar a ordóidh an Chúirt Achomhairc. I gcás an achomharcóir sin gan a bheith i láthair ag aon éisteacht ar a achomharc, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an céanna a dhíbhe agus barántas a eisiúint chun an t-achomharcóir a ghabháil, i bhFoirm Uimh. 47, nó féadfaidh sí an t-achomharc a bhreithniú gan é a bheith i láthair, nó cibé ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(xii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc aon ordú bannaí a chúlghairm nó a athrú nó an tsuim a mbeidh de choinníoll ann go n-íocfar í le cúirtbhanna an achomharcóra nó a urraí a mhéadú, nó aon urra eile a chur in ionad urra a bheidh curtha faoi cheangal roimhe sin.

(xiii) Is i bhFoirm Uimh. 48 a bheidh faisnéis, chun críocha iarratais faoi alt 6(5) den Acht um Bannaí, 1997, arna cur i láthair ag comhalta den Gharda Síochána nó ag urra, a ndearnadh achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí ar a chúirtbhanna, ar comhalta nó urra é a bhfuil drochamhras air go bhfuil achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí ar tí coinníoll dá chúirtbhanna a shárú, agus is i bhFoirm Uimh. 49 a bheidh an barántas ón gCúirt Achomhairc chun an t-achomharcóir a ghabháil ar an iarratas sin a dheonú.

(xiv) Is i bhFoirm Uimh. 48 a bheidh faisnéis, chun críocha iarratais faoi alt 9(4) den Acht um Bannaí, 1997, a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána a chur i láthair á rá go bhfuil achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí tar éis coinníoll dá chúirtbhanna a shárú agus is i bhFoirm Uimh. 49 a bheidh an barántas ón gCúirt Achomhairc chun an t-achomharcóir a ghabháil ar an iarratas sin a dheonú.

(xv) Déanfar an t-achomharcóir, ar é a ghabháil, a thabhairt os comhair na Cúirte Achomhairc, agus déanfaidh an Chúirt Achomhairc cibé ordú is cuí. I gcás gur ordú chun an t-achomharcóir a chimiú an t-ordú sin, is i bhFoirm Uimh. 50 a bheidh sé.

(xvi) Tráth ar bith tar éis achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-ordú lena ligtear faoi bhannaí é a chúlghairm, agus barántas i bhFoirm Uimh. 47 a eisiúint chun é a ghabháil agus a ordú é a chimiú chun príosúin nó chun beairice coinneála.

(xvii) Ní dhéanfaidh aon ní sa riail seo difear do cheart urra chun an duine a mbeidh sé tagtha chun bheith faoi cheangal go láithreoidh sé a ghabháil agus a thabhairt suas i gcoimeád, agus leis sin é féin a urscaoileadh óna urraíocht.

(xviii) Ar chúirtbhanna achomharcóra a shárú, féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ar fhógra a bheith tugtha d’aon urra, cibé ordú faoi alt 9(1) den Acht um Bannaí, 1997, is cuí a dhéanamh agus déanfaidh an t-ionchúisitheoir fógra á rá go ndearnadh an t-ordú sin a sheirbheáil ar an achomharcóir agus ar aon urra nó urraí leis an ngnáthphost réamhíoctha.


XII. ULLMHÚCHÁN CHUN ACHOMHAIRC AGUS IARRATAIS A ÉISTEACHT

Doiciméid lena n-úsáid ag an gCúirt Achomhairc
18. Gheobhaidh an Cláraitheoir agus leagfaidh sé os comhair na Cúirte Achomhairc i bhfoirm chuí na doiciméid, na foilseáin agus na nithe eile go léir a bhaineann leis na himeachtaí in armchúirt na trialach atá riachtanach chun an t-achomharc nó an t-iarratas a chinneadh go cuí.

Fógra a thabhairt d’achomharcóir

19. (i) I gcás go mbeidh achomharcóir i gcoimeád, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra don achomharcóir agus dá aturnae (más ann), do Rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála, de réir mar a bheidh, ina mbeidh an t-achomharcóir ag an tráth sin, do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann (más iomchuí) agus do Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann i dtaobh an lae is dóigh a éistfear a achomharc nó a iarratas. Déanfaidh Seirbhís Phríosúin na hÉireann nó an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) (más gá) bearta chun an t-achomharcóir a aistriú go príosún nó beairic choinneála nó go hionad coimeádta eile a bheidh caoithiúil dá láithreas os comhair na Cúirte Achomhairc ag cibé tráth réasúnach roimh an éisteacht a chumasóidh dó dul i gcomhairle lena chomhairleoir dlí.

(ii) Nuair a shocrófar dáta chun achomharc nó iarratas a éisteacht, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra ina thaobh sin don achomharcóir agus dá aturnae (más ann), don Stiúrthóir agus don Riarthóir Armchúirte.


XIII. ACHOMHARC A THRÉIGEAN

Achomharc a thréigean
20. (i) Maidir le hachomharcóir nó le hiarratasóir nach mbeidh a phianbhreith curtha ar fionraí ag feitheamh ar éisteacht an achomhairc nó an iarratais agus nach mbeidh faoi bhannaí, féadfaidh sé, tráth ar bith tar éis dó fógra achomhairc nó fógra um iarratas chun an tréimhse ama a mhéadú a sheirbheáil go cuí, a achomharc nó a iarratas a thréigean trí fhógra tréigin an achomhairc nó an iarratais a thabhairt i bhFoirm Uimh. 51 tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc nó an t-iarratas a éisteacht.

(ii) Nuair a gheobhaidh an Cláraitheoir fógra tréigin faoi fho-riail (1), féadfaidh sé, ar iarraidh ón Stiúrthóir, an t-ábhar a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc, iar bhfógra chun an achomharcóra agus chun an Stiúrthóra, d’fhonn aon ordú iarmhartach a dhéanamh.

(iii) Maidir le hachomharcóir nó le hiarratasóir a mbeidh a phianbhreith curtha ar fionraí ag feitheamh ar éisteacht an achomhairc nó an iarratais, nó a bheidh faoi bhannaí, nó ar mian leis a achomharc nó a iarratas a thréigean tráth is déanaí ná deich lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc nó an t-iarratas a éisteacht, déanfaidh sé iarratas chun na Cúirte Achomhairc trí fhoriarratas iar bhfógra chun an Stiúrthóra ar chead chun an t-achomharc nó an t-iarratas a thréigean agus ar cibé orduithe iarmhartacha is gá agus féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-iarratas a cheadú nó a dhiúltú agus má cheadaíonn sí an t-iarratas, féadfaidh sí aon orduithe iarmhartacha is gá a dhéanamh.

(iv) I gcás go ndéanfar achomharc nó iarratas a thréigean nó a chinneadh de réir na rialach seo, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh thréigean nó chinneadh na n-imeachtaí do na daoine go léir dá mbeidh fógra tugtha aige á rá an fógra achomhairc nó an fógra i dtaobh iarratais eile a bheith faighte aige.


XIV. FINNÉITHE A CHEISTIÚ

Iarratas ar chead chun fianaise bhreise a thabhairt isteach
21. (i) Is trí fhoriarratas i bhFoirm Uimh. 52, a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar a cheann, ina leagfar amach agus ina bhfíorófar na forais ar a mbeidh cead á lorg, a dhéanfar iarratas ar chead chun fianaise a thabhairt isteach trí aon fhinné do fhreastal agus a cheistiú os comhair na Cúirte Achomhairc. Déanfar mionnscríbhinn ón bhfinné beartaithe, ina leagfar amach an fhianaise a bheartaíonn sé a thabhairt agus (ach amháin i gcás aon fhianaise nua a bhaineann le staid mheabhrach an achomharcóra nó an duine chúisithe, de réir mar a bheidh, a thabharfaidh síciatraí sainchomhairleach) an fáth nár thug sé an fhianaise sin ag an triail, a thaisceadh leis an bhforiarratas agus leis an mionnscríbhinn forais, mura rud é go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc an ceanglas maidir le mionnscríbhinn den sórt sin a ligean thar ceal.

(ii) I gcás go ndéanfar ordú chun go bhfreastalóidh finné agus go gceisteofar é, déanfar ordú i bhFoirm Uimh. 53, ina sonrófar an t-am agus an áit ag a mbeidh air freastal, a sheirbheáil air.

(iii) I gcás go n-ordóidh an Chúirt Achomhairc go ndéanfar ceistiú aon fhinné a sheoladh ar shlí seachas os comhair na Cúirte Achomhairc, sonrófar in ordú den sórt sin an duine a bheidh ceaptha mar scrúdaitheoir chun an ceistiú sin a dhéanamh, agus an áit ina ndéanfar an ceistiú sin, agus an finné nó na finnéithe a bheidh le ceistiú.

(iv) Tabharfaidh an Cláraitheoir don duine a bheidh ceaptha chun an ceistiú a dhéanamh aon doiciméid nó foilseáin agus aon ábhar eile a bhainfidh leis an achomharc sin de réir mar a iarrfar air déanamh amhlaidh agus nuair a iarrfar air déanamh amhlaidh. Déanfaidh an scrúdaitheoir na doiciméid agus na foilseáin agus an t-ábhar eile sin, mar aon le haon teistíochtaí arna nglacadh aige, a thabhairt ar ais don Chláraitheoir tar éis don cheistiú a bheith curtha i gcrích.

(v) Nuair a bheidh an lá agus an t-am don cheistiú ceaptha ag an scrúdaitheoir, iarrfaidh sé ar an gCláraitheoir fógra ina thaobh sin a thabhairt don achomharcóir agus don Stiúrthóir agus dá n-ionadaithe dlíthiúla (más ann) agus, nuair a bheidh an t-achomharcóir i bpríosún nó i mbeairic choinneála, do Rialtóir an phríosúin sin nó na beairice coinneála sin, de réir mar a bheidh. Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara fógra i bhFoirm Uimh. 54 a sheirbheáil ar gach finné a bheidh le ceistiú.

(vi) Tabharfaidh gach finné a cheisteofar os comhair scrúdaitheora a fhianaise faoi mhionn a bheidh le cur ag an scrúdaitheoir sin, ach amháin i gcás nach gá aon fhinné den sórt sin a chur faoi mhionn más rud é gur ag tabhairt fianaise mar fhinné ag triail ar díotáil atá sé.

(vii) Is i bhfoirm teistíochta ar an modh chun fianaise a thógáil faoi alt 4F(3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, a dhéanfar ceistiú gach finné den sórt sin. Beidh an teideal i bhFoirm Uimh. 55 ag gabháil le haon teistíocht den sórt sin.

(viii) Déanfar caiteachais aon fhinné a fhreastalóidh de bhun an ordaithe ón gCúirt Achomhairc, agus na caiteachais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon cheistiú finnéithe arna sheoladh ag aon duine a cheapfaidh an Chúirt Achomhairc, i gcás go n-ordóidh agus a mhéid a ordóidh an Chúirt Achomhairc é, a íoc suas le suim a cheadóidh an Chúirt Achomhairc mar chuid de chostais an Stáit san achomharc nó a bhainfidh leis an achomharc.

(ix) Beidh feidhm ag forálacha riail 13(3) maidir le hordú nó fógra a sheirbheáil ar fhinné faoin riail seo.

(x) Beidh an t-achomharcóir agus an Stiúrthóir, nó abhcóide nó aturnae thar a gceann, i dteideal a bheith i láthair ag aon cheistiú ar aon fhinné lena mbaineann an riail seo agus páirt a ghlacadh ann.


XV. ACHOMHAIRC AGUS IARRATAIS EILE A ÉISTEACHT

Achomharcóir nó iarratasóir i gcoimeád
22. (i) Beidh achomharcóir nó iarratasóir a bheidh i gcoimeád i dteideal, más mian leis amhlaidh, a bheith i láthair i bpearsa ag éisteacht a achomhairc nó a iarratais agus, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gCúirt Achomhairc, ag aon iarratais idirbhreitheacha i ndáil leis sin.

(ii) Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha fho-riail (1) maidir leis an gceart atá ag iarratasóir ar mhéadú ar thréimhse ama chun bheith i láthair ag éisteacht iarratais den sórt sin.
Duine le tairbhe ordaithe cúitimh i dteideal éisteacht a fháil

23. I gcás go mbeidh ordachán chun cúiteamh a íoc tugtha ag armchúirt na trialach, beidh an duine a mbeidh an t-ordachán sin tugtha ina fhabhar, an t-achomharcóir agus, le cead na Cúirte Achomhairc, aon duine eile, i dteideal éisteacht a fháil sula ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc aon ordú ag neamhniú nó ag athrú an ordacháin sin chun cúiteamh a íoc.
Fógra i dtaobh ordaithe ag cinneadh achomhairc

24. (i) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt Achomhairc ordú lena ndéanfar achomharc a chinneadh go críochnaitheach, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra ina thaobh sin i bhFoirm Uimh. 56 do na daoine seo a leanas:

(a) an tAchomharcóir;
(b) an Stiúrthóir;

(c) Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann;

(d) an Riarthóir Armchúirte;

agus do na daoine seo a leanas, chomh maith, más rud é go mbeidh an t-achomharcóir i bpríosún nó i mbeairic choinneála nó go mbeidh oibriú a phianbhreithe curtha ar fionraí nó go mbeidh sé scaoilte saor faoi bhannaí:
(e) Rialtóir an phríosúin sin nó na beairice coinneála sin, de réir mar a bheidh, agus
(f) Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta

ar an gcoinníoll nach gceanglófar ar an gCláraitheoir fógra den sórt sin a thabhairt don achomharcóir más rud é go raibh sé i láthair nó go raibh dlíodóir ag feidhmiú ar a shon ag an éisteacht.
(ii) Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte, ar fhógra de bhun fho-riail (1) a fháil, na sonraí a bheidh san fhógra sin a thaifeadadh in imeachtaí armchúirt na trialach.


XVI. ILGHNÉITHEACH

Fógra foriarratais chun na Cúirte Achomhairc
25. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCuid seo, is de réir Fhoirm Uimh. 57 a bheidh fógra i dtaobh gach iarratais chun na Cúirte Achomhairc agus déanfar é a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sna himeachtaí agus ar cibé duine eile, más ann, a ordóidh an Chúirt Achomhairc.
Foirmeacha a sholáthar

26. Foilseoidh an Cláraitheoir na foirmeacha agus na treoracha is gá i ndáil le fógraí achomhairc nó fógraí iarratais ionas go mbeidh siad ar fáil d’aon duine a dteastóidh siad uathu. Cuirfidh Rialtóir príosúin nó beairice coinneála faoi deara go mbeidh na foirmeacha agus na treoracha sin faoina réir ag aon phríosúnach ar mian leis aon iarratas a dhéanamh agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar aon fhógra den sórt sin a thabharfaidh príosúnach a bheidh ina choimeád a chur ar aghaidh, thar ceann an phríosúnaigh, chuig an gCláraitheoir.

Fiosrúcháin ag an nGarda Síochána nó ag Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht)

27. Beidh de dhualgas ar an nGarda Síochána ón dúiche ina raibh cónaí ar an achomharcóir nó ar an iarratasóir sular ciontaíodh é, nó ón dúiche óna ndearnadh é a chimiú, nó ar Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann, fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt don Chláraitheoir, nuair a éileoidh sé é, i dtaobh acmhainn agus dhálaí aon achomharcóra i gcás go n-ardófar ceist den sórt sin.
Forfheidhmiú dualgas le hordú ón gCúirt Achomhairc

28. Féadfar comhlíonadh aon dualgais a fhorchuirtear ar aon duine leis an Ordú seo a fhorfheidhmiú le hordú ón gCúirt Achomhairc.

Barántas chun achomharcóir a ghabháil

29. Maidir le haon bharántas a eiseoidh an Chúirt Achomhairc chun achomharcóir a ghabháil, measfar, chun gach críche, gur barántas é arna eisiúint ag breitheamh den Chúirt Dúiche chun duine a ghabháil a bheidh cúisithe in aon chion indíotáilte faoi fhorálacha an Petty Sessions (Ireland) Act 1851, nó faoi fhorálacha aon reachta lena leasaítear an céanna.