Treoirthionscadal na hArd-Chúirte do Shaoire Fhada 2025 – Neamhghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach /Tearmann
De bhun an Fhógra ó Uachtarán na hArd-Chúirte a foilsíodh ar 25 Márta 2025, beidh Treoirthionscadal ann le haghaidh suíonna Breithiúna sa Saoire Fhada a shanntar do Rannán Neamhghiúiré/Athbhreithniú Breithiúnach agus Tearmainn na hArd-Chúirte ar na dátaí seo a leanas.
Neamhghiúiré
Suífidh Breitheamh den Ard-Chúirt chun cásanna Neamhghiúiré a éisteacht lá amháin ar na dátaí a shonraítear thíos.
- 15 Meán Fómhair
- 16 Meán Fómhair
- 17 Meán Fómhair
- 18 Meán Fómhair
- 23 Meán Fómhair
- 25 Meán Fómhair
- 30 Meán Fómhair
- 2 Deireadh Fómhair
Ní mór do pháirtithe atá ag lorg ceann de na dátaí éisteachta thuas iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh ar an Liosta Neamhghiúiré.
Liosta Tearmainn
Suífidh Breitheamh den Ard-Chúirt chun déileáil le hábhair a bhaineann le hAthbhreithniú Breithiúnach Tearmainn ar na dátaí seo a leanas.
- 2 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
- 4 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
- 15 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
- 16 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
- 17 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
- 18 Meán Fómhair (toilleadh 20 cás in aghaidh an tsuí)
Suífidh beirt Bhreithiúna den Ard-Chúirt chun déileáil le hábhair a bhaineann le hAthbhreithniú Breithiúnach Tearmainn ex parte roimh ré ar na dátaí seo a leanas.
- 1 Deireadh Fómhair (20 cás in aghaidh an tsuí)
- 3 Deireadh Fómhair (20 cás in aghaidh an tsuí)
Éascófar cianfhreastal ar na suíonna thuas. Leithdháilfear ábhair ag an gcéim réamhshaoire ar na dátaí thuas nuair a shroichfear an toilleadh sa liosta roimhe sin.
Tionólfar Liosta na gCláraitheoirí Tearmainn (Hibrideach) ar 24 Meán Fómhair.