Back
Loch Garman - Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí
Thursday 08th February 2024
Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí
Contae Loch Garman
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023
An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023
Lá na Vótaíochta Dé hAoine 8 Márta 2024
TUGAIM FÓGRA DUIT LEIS SEO:
- Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil i leith an Chláir Toghthóirí i gContae Loch Gorman roimh an 39ú agus an 40ú Reifreann ar an mBunreacht ná Déardaoin 22 Feabhra 2024.
- Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda Loch Garman, ina suí ag Teach Cúirte, Bóthar Belvedere, Loch Garman, le gach Achomharc den sórt sin, agus ba chóir iad a sheoladh tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig an seoladh sin.
- Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta dheireanaigh go dtí tar éis Lá na Vótaíochta do na Reifrinn thuas.
Arna dhátú an 6ú lá seo de mhí Feabhra 2024.
Sínithe:
Deirdre Burke
Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda Loch Garman
An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
Arna chur isteach le hAlt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022)