Back
Fogra Faoi Bhráid Gach Iarraatasóra Ar Cheadúnú Bliantúil Cúirte Dúiche I Ndúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath
Thursday 01st August 2024
Tabhair faoi deara, le héifeacht ón Máirt 6 Lúnasa, ní mór gach iarratas láimhe ar Cheadúnú Bliantúil a chur isteach i gCúirt 33 ar Urlár na Talún, Áras Uí Dhálaigh, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7.
Ón 1 Márta 2020, is é CSOL an príomhbhealach dáilte do gach ordú cúirte ceadúnaithe agus ó shin i leith ní féidir orduithe a bhailiú ach ar an mbealach seo. Chuige sin, mholfadh an fhoireann do gach iarratasóir, i gcás inar féidir, cuntas a chruthú ar CSOL agus doiciméid um Cheadúnú Bliantúil a thaisceadh go leictreonach.
Tabhair faoi deara freisin gurb é Luan, 9 Meán Fómhair 2024 ag 12.30i.n an dáta deiridh chun gach Iarratas ar Cheadúnú Bliantúil a thaisceadh.