Fógra ón Uachtarán
Treoir do dhlíthithe i láthair go pearsanta sna Liostaí Athbhreithniú Breithiúnach agus Neamhghiúiré
- An mbaineann an Fógra Treorach seo le mo chás?
Baineann an Fógra Treorach seo le gach cás ar an liosta Neamhghiúiré agus ar an liosta Athbhreithniú Breithiúnach.
Áirítear ar an liosta Neamhghiúiré achomhairc ón gCúirt Chuarda, achomhairc in aghaidh cinnidh ó chomhlacht reachtúil, toghairm achomair (cásanna fiachais) agus cásanna faillí/sáraithe conartha.
Áirítear ar an liosta Athbhreithniú Breithiúnach dúshláin maidir le cinntí comhlachtaí reachtúla, ranna rialtais, cinntí Airí, dúshláin bhunreachtúla agus cinntí na gcúirteanna Dúiche agus Cuarda. (Ní hionann athbhreithniú breithiúnach agus achomharc in aghaidh bhreitheanna na gCúirteanna Dúiche agus na gCúirteanna Cuarda.)
Má thagann do chás faoi aon cheann de na catagóirí seo, beidh baint ag an bhFógra Treorach seo leat.
Is féidir tuilleadh eolais faoi ionadaíocht a dhéanamh duit féin a fháil ag: https://www.courts.ie/guidelines-persons-representing-themselves-high-court.
- Do chás a ullmhú don éisteacht
Sula bhfaighidh tú dáta éisteachta, taispeánfar do chás in éineacht le go leor cásanna eile ar liosta “le lua”.
Is liosta bainistithe cásanna é an liosta ‘le lua’. Díreoidh an breitheamh ar chúrsaí nós imeachta, amhail na dátaí faoina mbeidh mionnscríbhinní le seachadadh nó tairiscintí le tabhairt. Ní hé éisteacht do cháis atá i gceist. Inseoidh an breitheamh bainistithe cásanna duit cad iad na céimeanna nach mór duit a ghlacadh chun an cás a ullmhú don éisteacht. D'fhéadfaí a rá leat, mar shampla, mionnscríbhinn a chomhdú faoi dháta sonraithe.
Is féidir leat a bheith le feiceáil ar an liosta sin go pearsanta nó ar líne. Is iad na sonraí don fhreastal ar líne ná
https://confpool.remotecourts.ie/webapp/conference/77786883@remotecourts.ie.
Má tá tú chun a bheith i láthair ar líne, déan cinnte go bhfuil do TF i riocht maith oibre ionas gur féidir leat a bheith le feiceáil agus le cloisteáil. Níor chóir duit do cheamara agus do mhicreafón a chur ar siúl ach amháin nuair is é do sheal cainte é. Tá tuilleadh sonraí maidir le conas éisteacht ar líne a reáchtáil le fáil ag https://www.courts.ie/remotecourts.
Gach uair a bheidh tú ar an liosta “le lua”, tabharfaidh an breitheamh an chéad dáta “le lua” eile duit agus inseoidh sé duit na bearta atá le déanamh agat. Is féidir dul chun cinn do cháis a rianú ach dul chuig https://courts.ie/highcourtsearch. (Tabhair faoi deara má tá do chás le bheith “iata” nó má tá srianta tuairiscithe ann, ní bheidh tú in ann rochtain a fháil ar do chás tríd an gcuardach poiblí san Ard-Chúirt.)
Mura bhfuil tú i láthair ar dháta “le lua”, d’fhéadfaí do chás a scriosadh amach. Mura féidir leat a bheith i láthair ar an dáta atá curtha ar fáil, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an bpáirtí eile (i scríbhinn go hidéalach) agus do sheasamh a mhíniú agus iarraidh orthu é a chur faoi bhráid an bhreithimh.
- Cén uair a éistfear le mo chás?
Nuair a bhíonn do chás réidh lena éisteacht i.e., nuair a mhalartaítear na pléadálacha nó na mionnscríbhinní go léir, tabharfaidh an breitheamh bainistithe cásanna dáta éisteachta duit. De ghnáth ní thugtar dáta éisteachta do chásanna go dtí go malartaítear na páipéir go léir. Nuair a fhaigheann tú dáta éisteachta, níl tú i dteideal aon chéim eile a ghlacadh, lena n-áirítear mionnscríbhinní nua a chomhdú, mura bhfuil cead tugtha duit ón mbreitheamh é sin a dhéanamh.
Ba chóir duit aird chúramach a thabhairt ar do dháta éisteachta. Is féidir dul chun cinn do cháis a rianú ach dul chuig https://courts.ie/highcourtsearch.
- Aighneachtaí i Scríbhinn
Nuair a thugtar dáta éisteachta duit, inseoidh an breitheamh duit an dáta faoina gcaithfidh tú d'aighneachtaí scríofa a thaisceadh. Ní fianaise iad aighneachtaí i scríbhinn. Is achoimre ghearr iad ar na hargóintí dlíthiúla is mian leat a dhéanamh ag an éisteacht. Tabharfaidh Treoir Chleachtais HC97 maidir le haighneachtaí i scríbhinn tuilleadh eolais duit https://www.courts.ie/content/written-submissions-and-issue-papers.
Ní mór duit d'aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh chuig na páirtithe eile, chomh maith le cóipeanna d'aon údaráis dhlíthiúla ar mian leat brath orthu. Ba cheart duit iad a sheoladh freisin chuig highcourtsubmissions@courts.ie.
Ba cheart duit aighneachtaí i scríbhinn ó na páirtithe eile agus cóipeanna de na húdaráis dhlíthiúla a bhfuil sé ar intinn acu brath orthu a fháil.
- Cad ba cheart dom a dhéanamh chun ullmhú don éisteacht?
Taisceadh na leabhar
Beidh duine de na páirtithe freagrach as na leabhair a chur isteach don éisteacht. Cuirfidh an breitheamh bainistithe cáis in iúl duit más é seo do fhreagracht. Más ea, ní mór duit iad a thaisceadh faoi am scoir gnó Dé Máirt na seachtaine roimh do dháta éisteachta, sa Seomra Liosta (seachas sa Phríomh-Oifig). Tá an Seomra Liosta suite i bhfoirgneamh na gCeithre Cúirteanna.
Mar shampla, má bhíonn do chás ar Chéadaoin 10 Deireadh Fómhair, ní mór na leabhair a chur isteach roimh am scoir gnó Dé Máirt 2 Deireadh Fómhair i.e., Dé Máirt na seachtaine roimh an éisteacht.
Caithfidh na pléadálacha, gach mionnscríbhinn, gach foilseán, na haighneachtaí i scríbhinn agus aon údaráis dhlíthiúla ar mian leat brath orthu a bheith sna leabhair. Tá na leabhair sin ann don bhreitheamh atá sannta chun éisteacht le do chás le léamh roimh ré.
Mura bhfuil na leabhair sa Seomra Liosta roimh an nglaoch, d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh do chás a dháta éisteachta.
Ag freastal ar an nglaoch
Ar Dhéardaoin na seachtaine roimh dháta d'éisteachta, beidh glaoch ar na cásanna don tseachtain dár gcionn i gCúirt 6 ag 10r.n
Mar shampla, má bhíonn do chás Dé Céadaoin10 Deireadh Fómhair, beidh an glaoch ar siúl Déardaoin 4 Deireadh Fómhair i.e., Déardaoin na seachtaine roimh an éisteacht.
Ligeann an glaoch don bhreitheamh bainistithe cásanna a chinntiú go bhfuil an cás réidh le héisteacht an tseachtain dar gcionn.
Ba chóir duit freastal ar an nglaoch go pearsanta nó go cianda chun a dheimhniú go bhfuil do chás réidh le dul ar aghaidh mura bhfuil sé ráite ag an mbreitheamh leat nach gá freastal air. Mura bhfuil tú i láthair, d'fhéadfadh do chás a dháta éisteachta a chailleadh.
- An gcaithfidh mé teacht chun na gCeithre Cúirteanna le haghaidh m'éisteachta?
De ghnáth, reáchtáiltear éisteachtaí go pearsanta. Más mian leat freastal ar an éisteacht ar líne, ní mór duit iarraidh ar an mbreitheamh ag an nglaoch éisteacht ar líne, nó éisteacht hibrideach, a stiúradh, áit a bhfuil roinnt páirtithe ar líne agus cuid acu i láthair go pearsanta. Déanfaidh an breitheamh cinneadh maidir leis an gcineál éisteachta a bheidh ar siúl.
Mura bhfuil éisteacht chianda á lorg agat ag an nglaoch, ní bheidh tú in ann freastal ar líne ar lá na héisteachta.
- Cad a tharlaíonn ar an dáta éisteachta?
Seolfar do chás chuig breitheamh le haghaidh éisteachta. Murar insíodh duit cén chúirt a bhfreastalóidh an taobh eile uirthi, ba cheart duit freastal ar an gcúirt bainistithe cásanna ag 11r.n chun a fháil amach cén chúirt a bhfreastalóidh tú uirthi.
Caithfidh tú freastal ar an éisteacht. Mura bhfreastalaíonn tú ar an dáta éisteachta, d'fhéadfaí do chás a scriosadh amach nó d'fhéadfadh sé dul ar aghaidh gan tú.
Ba chóir duit do chóip féin de na leabhair a bheith agat sa chúirt leat. Ní bheidh tú i dteideal ábhar nua a thabhairt isteach ar an lá éisteachta. B'fhéidir gur mhaith leat peann agus páipéar a thabhairt chun na cúirte leat chun nótaí a ghlacadh ar an méid a deir na dlíodóirí do na páirtithe eile.
Má theastaíonn am uait le haghaidh sosa le linn na héisteachta, féadfaidh tú cúnamh a iarraidh ar an mbreitheamh atá ag éisteacht an cháis.
- Tar éis na héisteachta
Nuair a bheidh deireadh leis an éisteacht, míneoidh an breitheamh atá ag éisteacht an cháis cé acu is féidir nó nach féidir leo a gcinneadh a thabhairt láithreach nó cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn am uathu chun cinneadh i scríbhinn a ullmhú. Tugtar cinntí “ex tempore” ar chinntí a thugtar ó bhéal. Má fhaigheann tú cinneadh ó bhéal, féadfaidh tú iarraidh ar an mbreitheamh taifead ar an gcinneadh a thabhairt duit i scríbhinn trí thras-scríbhinn den Taifeadadh Fuaime Digiteach (“DAR”) a lorg. Má chinneann an breitheamh ordú a dhéanamh a ligfidh duit an tras-scríbhinn a ghlacadh, beidh ort íoc as. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le Epiq Global Limited (atá ar conradh leis an tSeirbhís Chúirteanna) (tá a gcuid sonraí teagmhála thíos) agus cóip den ordú a sholáthar dóibh. Ní bhaineann na costais a bhaineann le tras-scríbhinn a fháil leis an tSeirbhís Chúirteanna.
(Déan teagmháil le Epiq Global Limited ag: 4 Lána na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 8. Teil: 01 571 0220. Ríomhphost: dublinoffice@epiqglobal.ie)
Breithiúnais ‘forchoimeádta’ a thugtar ar chinntí a thugtar níos déanaí i scríbhinn. Cuirfear in iúl duit faoi dháta an bhreithiúnais i scríbhinn ón gcláraitheoir. Foilsítear breithiúnais i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna ag:https://courts.ie/judgments.
Ba chóir duit a bheith ar an eolas nach dtabharfar na páipéir ar ais duit tar éis na héisteachta.
16 Iúil 2024
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte