Foscríbhinn C: FógraÍ, Mionnscríbhinní etc.
Uimh. 1 |
Fógra tríú páirtí ag éileamh slánaíochta nó ranníoca nó faoiseamh nó leigheas eile. |
Uimh. 2 |
Fógra tríú páirtí nuair atá ceist nó saincheist le cinneadh. |
Uimh. 3 | |
Uimh. 4 | |
Uimh. 4A | |
Uimh. 5 | |
Uimh. 5A | |
Uimh. 6 | |
Uimh. 6A | |
Uimh. 7 | |
Uimh. 8 | |
Uimh. 9 | |
Uimh. 10 | |
Uimh. 11 | |
Uimh. 12 | |
Uimh. 13 | |
Uimh. 14 | |
Uimh. 15 | |
Uimh. 16 | |
Uimh. 17 | |
Uimh. 18 | |
Uimh. 18A | |
Uimh. 19 | |
Uimh. 20 | |
Uimh. 21 | |
Uimh. 22 | |
Uimh. 23 | |
Uimh. 24 | |
Uimh. 25 | |
Uimh. 26 | |
Uimh. 27 | |
Uimh. 28 | |
Uimh. 29 |
Fógra faoi chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim nó faoi éileamh uathu. |
Uimh. 30 |
Fógra Go Bhfuil ar Intinn Achomharc a Chonspóid mar Fhreagróir |
Uimh. 31 | |
Uimh. 32 | |
Uimh. 33 |
O. 16, r. 2 (1)
Fógra tríú páirtí ag éileamh slánaíochta nó ranníoca nó faoiseamh nó leigheas eile.
An Ard-Chúirt.
20... Uimh.....
Idir
A.B.,
Gearánaí,
agus
C.D.,
Cosantóir.
agus
E.F.
Tríú páirtí.
Fógra tríú páirtí.
Arna eisiúint de bhun ordú dar dáta an lá de 20......................
Do E.F., as...................... i......................
Bíodh seo ina fhógra go ndearna an gearánaí an chaingean seo a thionscnamh in aghaidh an chosantóra. Sa chaingean seo éilíonn an gearánaí ar an gcosantóir [luaigh anseo go comair cineál an éilimh atá ag an ngearánaí] mar is léir ón bhformhuiniú ar an toghairm [nó ráiteas éilimh] a bhfuil cóip de á seachadadh leis seo.*
Éilíonn an cosantóir ort é a shlánú i leith éileamh an ghearánaí agus costais na caingne seo nó ranníoc a dhéanamh go feadh [leath] an éilimh ag an ngearánaí nó an faoiseamh nó an leigheas seo a leanas, eadhon,...................... ar na forais go [luaigh go comair forais an éilimh ar an tríú páirtí].
Agus bíodh seo ina fhógra, más mian leat éileamh an ghearánaí ar an gcosantóir, nó éileamh an chosantóra ort féin, a dhíospóid, go gceanglaítear ort láithreas a thaifeadadh laistigh d’ocht lá tar éis an fógra seo a sheirbheáil ort. Agus bíodh seo ina fhógra go bhfuil an Chúirt tar éis na hordacháin seo a leanas a thabhairt faoin ordú sin dar dáta an......................
[agus leag amach na hordacháin anseo]
Más mian leat iarraidh ar an gCúirt aon cheann de na hordacháin sin a athrú, féadfaidh tú sin a dhéanamh tar éis láithreas a thaifeadadh agus sula mbeidh an tréimhse ama atá ceaptha chun do chosaint a sheachadadh faoi Ordú 16 caite.
D’éagmais an láithreas sin a thaifeadadh duit, measfar go ngéilleann tú d’éileamh an ghearánaí ar an gcosantóir agus éileamh an chosantóra ort féin agus do do dhliteanas féin chun [an cosantóir a shlánú ranníoc a dhéanamh go feadh an mhéid a éilítear nó......................ag lua cad é an faoiseamh nó an leigheas atá á lorg] agus do bhailíocht aon bhreithiúnais a thabharfar sa chaingean, agus beidh tú faoi cheangal ag an mbreithiúnas sin, agus féadfar an breithiúnas sin a fhorfheidhmiú i do choinne de bhun Ordú 16 de Rialacha na nUaschúirteanna.
Arna dhátú......................
(Arna shíniú)......................
Aturnae thar ceann an chosantóra.
Ní mór láithreas a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.
________
O. 16, r. 2 (1)
Fógra tríú páirtí nuair atá ceist nó saincheist le cinneadh.
[Teideal, etc., mar at i bhFoirm Uimh. 1 anuas go dtí * agus gabh ar aghaidh;]
Éilíonn an cosantóir gur cheart an cheist nó an tsaincheist seo a leanas,
eadhon:......................
[luaigh anseo go comair cad é an cheist nó an tsaincheist atá le cinneadh]
a chinneadh ní amháin amhail idir an gearánaí agus an cosantóir ach amhail idir an gearánaí agus an cosantóir agus tú féin.
Agus bíodh seo ina fhógra, más mian leat go dtabharfaí éisteacht duit ar an gceist nó an tsaincheist sin, nó dliteanas an chosantóra i leith an ghear-ánaí nó do dhliteanas féin i leith an chosantóra a dhíospóid, go gceanglaítear ort láithreas a thaifeadadh laistigh d’ocht lá tar éis an fógra seo a sheirbheáil.
Agus bíodh seo ina fhógra go bhfuil an Chúirt tar éis na hordacháin seo a leanas a thabhairt faoin ordú sin dar dáta an......................
[agus leag amach na hordacháin anseo]
Más mian leat iarraidh ar an gCúirt aon cheann de na hordacháin sin a athrú, féadfaidh tú sin a dhéanamh tar éis láithreas a thaifeadadh agus sula mbeidh an tréimhse ama atá ceaptha chun do chosaint a sheachadadh faoi Ordú 16 caite.
D’éagmais an láithreas sin a thaifeadadh duit, measfar go ngéilleann tú do bhailíocht aon chinnidh nó aon bhreithiúnais ar a dtiocfar nó a thabharfar sa chaingean seo ar an gceist nó an tsaincheist sin, agus beidh tú faoi cheangal aige, agus measfar go ngéilleann tú d’aon dliteanas a bheidh ort féin dá dhroim sin, agus féadfar breithiúnas a thabhairt i do choinne agus a fhorfheidhmiú de bhun Ordú 16 de Rialacha na nUaschúirteanna.
Arna dhátú......................
(Arna shíniú)......................
Ní mór láithreas a thaifeadadh [etc., mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
O. 21, r. 11
Fógra frithéilimh.
[Teideal na caingne].
Don X.Y. atá ainmnithe anseo istigh.
Bíodh seo ina fhógra, mura láithreoidh tú de réir an fhrithéilimh seo istigh ón C.D. atá ainmnithe anseo istigh laistigh de dheich lá ó sheirbheáil na cosanta agus an fhrithéilimh seo ort, go ndlífear breithiúnas a thabhairt i do choinne i d’éagmais.
Ní mór láithreas a thaifeadadh [etc., mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
________
O. 22, r. 1 (6)
Fógra gur íocadh suim airgid isteach sa Chúirt.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra gur íoc an cosantóir isteach sa Chúirt €......................, agus go ndeir sé gur leor an tsuim sin chun éileamh an ghearánaí [nó éileamh an ghearánaí ar, etc.] a shásamh agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Arna dhátú...................... (Arna shíniú)......................
Do [an gearánaí nó a aturnae].
______
O. 22, r. 14
Fógra faoi Fhorthairiscint
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go ndéanann an Cosantóir, leis seo, an fhorthairiscint seo a leanas,
€..................., a íoc leis an nGearánaí, agus go ndeir sé gur leor an tsuim chun éileamh an Ghearánaí a shásamh, agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Tá an tairiscint seo á déanamh thar ceann (cuir isteach ainm an pháirtí nó an pháirtí cháilithe nó ainm shlánaíochtóir an Chosantóra, de réir mar a bheidh).
Arna dhátú:....................
Arna shíniú:....................
Do: (An Gearánaí nó a Aturnae)
Arna chur isteach ag IR 328 de 2000, le héifeacht ón 19 Samhain 2000.
_________
O. 22, r. 1 (6)
Fógra gur íocadh suim bhreise airgid isteach sa Chúirt
[Teideal na Caingne].
Bíodh seo ina fhógra gur íoc an cosantóir isteach sa Chúirt €......................(de bhreis ar shuim €......................a íocadh isteach sa Chúirt, is ionann agus €...................... ar fad) agus go ndeir sé gur leor an tsuim iomlán sin chun éileamh an ghearánaí (nó éileamh an ghearánaí ar, etc.) a
shásamh agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Arna dhátú......................
(Arna shíniú)......................
Do [an gearánaí nó a aturnae]
_________
O. 22, r 14
Fógra faoi Fhorthairiscint Bhreise
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go déanann an Cosantóir, leis seo, suim bhreise €................... a thairiscint, de bhreis ar shuim €.................... a tairgeadh cheana féin mar íocaíocht leis an nGearánaí, is ionann san iomlán agus €.................... ar fad, agus go ndeir sé gur leor an tsuim iomlán chun éileamh an Ghearánaí a shásamh, agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Tá an tairiscint seo á déanamh thar ceann (cuir isteach ainm an pháirtí nó an pháirtí cháilithe nó ainm shlánaíochtóir an Chosantóra, de réir mar a bheidh).
Arna dhátú:....................
Arna shíniú:....................
Do:
Arna chur isteach ag IR 328 de 2000, le héifeacht ón 19 Samhain 2000.
_________
O. 22, r. 4 (1)
Suim a íocadh isteach sa Chúirt a ghlacadh.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go nglacann an gearánaí suim €...................... a d’íoc tú isteach sa Chúirt mar shásamh ar an éileamh ar íocadh isteach í ina leith.
Arna dhátú......................
(Arna shíniú)......................
Do [an cosantóir nó a aturnae].
________
Uimh.6A[3]
O. 22, r14
Glacadh le Suim a Tairgeadh don Ghearánaí
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go nglacann an Gearánaí le suim €...........a thairg tú mar shásamh san éileamh ar tairgeadh í ina leith.
Arna dhátú:..........................
Arna shíniú:...............................
Do: (An Cosantóir nó an páirtí cáilithe nó a Aturnae)
3. Tiocfaidh an riail seo i ngníomh an 19ú lá de Shamhain 2000 agus forléireofar í i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 1999.
4. Féadfar Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 5) (Tairiscint Íocaíochta in ionad Taisceadh), 2000 a ghairm den Riail seo.
NÓTA MÍNIÚCHÁIN
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)
Foráiltear, leis an Riail seo, go ndéanfaidh páirtithe cáilithe forthairiscint íocaíocht a dhéanamh in ionad airgead a thaisceadh sa Chúirt agus beidh sí sa bhreis ar Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna.
Arna chur isteach ag IR 328 de 2000, le héifeacht ón 19 Samhain 2000.
_______
O. 24, r. 3
Admháil i leith Cosanta.
[Teideal na caingne].
Déanann an gearánaí admháil i leith na cosanta atá leagtha amach i mír ...................... de chosaint an chosantóra [nó, de chosaint bhreise an chosantóra]
Arna dhátú......................
(Arna shíniú)......................
Do [an cosantóir nó a aturnae].
_________
O. 31, r. 4.
AGARCHEISTEANNA.
[Teideal na caingne]
Agarcheisteanna thar ceann [an ghearánaí nó an chosantóra] chun [an cosantóir nó an gearánaí] a cheistiú.
Cúiseanna
Tá gá le freagraí ar na hagarcheisteanna [grúpaí agarcheisteanna] seo a leanas chun an chúis nó an t-ábhar a chur de láimh go cóir nó chun costais a shábháil, ar na cúiseanna seo a leanas.
Ceist 1 (nó Ceisteanna 1 go n, go huile): [Leag amach ráiteas gairid ar na cúiseanna]
Ceist 2 (nó Ceisteanna n go n, go huile): [Leag amach ráiteas gairid ar na cúiseanna], etc.
Agarcheisteanna
[Leag amach na hagarcheisteanna, ar agarcheisteanna iad nach foláir do gach ceann acu ceanglais Ordú 31, rialacha 1 go 3, a chomhlíonadh, mar cheisteanna uimhrithe ar leithligh, go dtí 20 ar a mhéad, mura gceadaítear a mhalairt le hordú ón gCúirt]
Ceist 1.......................................................... ?
Ceist 2.......................................................... ?
Ceist 3.......................................................... ?
etc
AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA, má mhainníonn tú freagra a thabhairt, nó má mhainníonn tú leorfhreagra a thabhairt, le mionnscríbhinn laistigh de 21 lá ó sheachadadh na n-agarcheisteanna seo, go bhféadfaidh [an gearánaí nó an cosantóir] iarratas a dhéanamh chun na Cúirte de bhun Ordú 31, riail 7, de Rialacha na nUaschúirteanna, ar ordú chun a chur d’iallach go seachadfar freagraí, nó freagraí breise, nó ar aon fhaoiseamh cuí eile.
Arna dhátú:…………………………………………..
________
O. 31, r. 9
FREAGRA AR AGARCHEISTEANNA.
[Teideal na caingne].
An freagra [ón gcosantóir nó ón ngearánaí] ar na hagarcheisteanna chun é nó í a cheistiú [ag an ngearánaí nó ag an gcosantóir]
Mionnaímse, [luaigh an t-ainm agus an seoladh], atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:—
A. [I gcás ina bhfuil an teisteoir ag freagairt thar ceann comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, luaigh an oifig nó an cháil sa chomhlacht sin ina bhfuil an teisteoir ag freagairt. I ngach cás ina bhfuil an teisteoir ag freagairt ar shlí seachas óna eolas féin nó óna heolas féin, luaigh foinse eolais an teisteora agus aon fhiosrúcháin atá déanta ag an teisteoir roimh dó nó di freagra a thabhairt.]
Is iad na hagarcheisteanna agus mo fhreagraí orthu (nó, de réir mar a bheidh, m’agóidí ina n-aghaidh):
Ceist 1.......................................................... ?
Freagra 1:
Ceist 2.......................................................... ?
Freagra 2:
etc
[Tagraím don fhógra agóide arna sheachadadh san ábhar seo, a bhfuil “A” marcáilte ar chóip de agus ar ar shínigh mé m’ainm sular mhionnaigh mé an freagra seo. Mar thaca leis na hagóidí, deirim thairis sin mar a leanas: Leag amach aon fhíorais ar a bhfuiltear ag seasamh in aon fhógra agóide a sheachadtar]
Arna mhionnú, etc
__________
O. 31, r. 13
Mionnscríbhinn i dTaobh Doiciméad
[Title of action]
Mionnaímse, ............................................., agus deirim mar a leanas:–
1. Tá i mo sheilbh nó i mo chumhacht nó ar fáil agam na doiciméid [agus an fhaisnéis atá stóráilte go leictreonach]* a bhaineann leis na hábhair atá i gceist san agra seo agus a thagann faoi réim na gcatagóirí iomchuí doiciméad atá sonraithe
*sa litir ag iarraidh follasú saorálach agus dar dáta...... 20..
*san ordú ó Mháistir na Cúirte Onóraí seo a rinneadh an .......... 20..
agus atá leagtha amach sa chéad agus sa dara cuid den chéad sceideal a ghabhann leis seo.
2. Cuirim i gcoinne na doiciméid sin [agus an fhaisnéis sin atá stóráilte go leictreonach]* a thabhairt ar aird atá leagtha amach sa dara cuid den chéad sceideal sin a ghabhann leis seo.
3. Go/Gur [luaigh anseo forais na hagóide, agus fíoraigh na fíorais a mhéid is féidir].
4. Bhí i mo sheilbh nó i mo chumhacht nó ar fáil agam, ach níl anois, na doiciméid [agus an fhaisnéis atá stóráilte go leictreonach]* a bhaineann leis na hábhair atá i gceist san agra seo agus atá leagtha amach sa dara sceideal a ghabhann leis seo.
5. Is é an tráth is déanaí a bhí na doiciméid deiridh sin a luaitear [agus an fhaisnéis deiridh sin a luaitear agus atá stóráilte go leictreonach]* i mo sheilbh nó i mo chumhacht nó ar fáil agam an [luaigh an tráth].
6. Go/Gur [luaigh anseo cad a bhain do na doiciméid nó don fhaisnéis deiridh sin a luaitear, agus cé aige nó aici a bhfuil siad anois].
7. De réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, níl agam anois, ná ní raibh agam riamh, i mo sheilbh féin ná i mo chumhacht féin ná ar fáil agam féin, ná i seilbh ná i gcoimeád ná i gcumhacht m’aturnaetha ná mo ghníomhairí, m’aturnae ná mo ghníomhaire, ná i seilbh ná i gcoimeád ná i gcumhacht aon daoine ná duine eile thar mo cheann, aon doiciméad de chineál ar bith ná aon fhaisnéis atá stóráilte go leictreonach, ná aon chóip d’aon doiciméad nó faisnéis den sórt sin, ná aon sliocht as nó aisti, a bhaineann leis na hábhair atá i gceist san agra seo, nó le haon cheann acu, nó ina ndearnadh aon taifeadadh a bhaineann leis na hábhair sin, nó le haon cheann acu, agus a thagann faoi réim na gcatagóirí iomchuí doiciméad atá sonraithe
*sa litir ag iarraidh follasú saorálach agus dar dáta...... 20..
*san ordú ó Mháistir na Cúirte Onóraí seo a rinneadh an .......... 20..
ach amháin na doiciméid [agus an fhaisnéis]* atá leagtha amach sa chéad agus sa dara sceideal sin a ghabhann leis seo.
8. Tuigim gurb é atá san oibleagáid atá ar pháirtí a bhfuil follasú á thabhairt aige nó aici follasú a dhéanamh ar na doiciméid uile agus ar an bhfaisnéis uile atá stóráilte go leictreonach agus atá ina sheilbh nó ina seilbh nó ina chumhacht nó ina cumhacht nó ar fáil aige nó aici laistigh de na catagóirí a comhaontaíodh nó a ordaíodh a sheachadadh agus ina bhfuil faisnéis a fhéadfaidh a chur ar chumas an pháirtí a bhfuil an follasú á fháil aige nó aici a chás féin nó a cás féin a chur chun cinn nó damáiste a dhéanamh do chás an pháirtí a bhfuil follasú á thabhairt aige nó aici, nó a bhféadfaidh snáithe fiosrúcháin a bhféadfaidh ceachtar de na hiarmhairtí sin teacht di go cothrom.
Arna mhionnú, etc.
Tabhair do d’aire—
(i) Ní foláir, a mhéid is féidir é, doiciméid den chineál céanna nó atá cosúil le chéile, i gcás gur líonmhar iad, a ghrúpáil le chéile agus iad a uimhriú nó iad a leormharcáil ar dhóigh eile ionas go mbeidh siad so-aitheanta.
(ii) Déanfaidh páirtithe a mbeidh follasú á chur ar fáil acu doiciméid nó catagóirí faisnéise a liostú, agus cuirfidh siad doiciméid agus faisnéis ar fáil lena n-iniúchadh, ar mhodh a bheidh ag freagairt do na catagóirí sa chomhaontú nó san ordú le haghaidh follasú, nó i seicheamh a bheidh ag freagairt don mhodh a mbeidh an páirtí a mbeidh follasú á dhéanamh aige nó aici tar éis na doiciméid nó an fhaisnéis a stóráil nó a choimeád i ngnáthchúrsa gnó.
* Cuir isteach i gcás inar cuí
Ar cuireadh IR 93 de 2009,ina ionad, le héifeacht ón 16 Aibreán 2009.
__________
O. 31, r. 16
FÓGRA CHUN DOICIMÉID A THABHAIRT AR AIRD.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go n-éilíonn [an gearánaí nó an cosantóir] ort na doiciméid seo a leanas dá dtagraítear i [do ráiteas éilimh, nó do chosaint, nó do mhionnscríbhinn, nó do liosta dar dáta an... lá de... ] a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh aige.
Tabhair tuairisc na ndoiciméad a éilítear.
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
__________
O. 31, r. 17
Fógra chun doiciméid a iniúchadh.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go bhféadfaidh tú na doiciméid a luaitear i bhfógra an.....lá de.....uait [ach amháin an gníomhas darb uimhir.....san fhógra sin] a iniúchadh i [cuir isteach áit an iniúchta] Dé.....seo chugainn, an.....lá den mhí seo, idir a 12 agus a 4 a chlog.
Nó, go bhfuil [an gearánaí nó an cosantóir] ag cur i gcoinne ligean duit na doiciméid a luaitear i bhfógra an.....lá de.....uait a iniúchadh ar an bhforas go/gur [luaigh an foras].
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
_______
O. 32, r. 3
Fógra chun doiciméid a admháil.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil beartaithe ag an ngearánaí [nó ag an gcosantóir] sa chaingean seo na doiciméid leithleacha a shonraítear anseo thíos a thabhairt ar aird i bhfianaise, agus go bhféadfaidh an cosantóir [nó an gearánaí], a aturnae nó a ghníomhaire iad a iniúchadh i........ an........, idir........agus........a chlog, agus ceanglaítear leis seo ar an gcosantóir [nó ar an ngearánaí], laistigh d’ocht n-uaire an chloig is daichead ón am deiridh atá luaite, a admháil go ndearnadh cibé cinn de na doiciméid sin a shonraítear mar dhoiciméid bhunaidh a scríobh, a shíniú nó a fhorghníomhú mar a airbheartaítear iontu faoi seach; gur cóipeanna dílse na doiciméid díobh a sonraítear gur cóipeanna iad; agus go ndearnadh na doiciméid sin a bhfuil sé luaite gur seirbheáladh, gur seoladh nó gur seachadadh iad a sheirbheáil, a sheoladh nó a sheachadadh amhlaidh faoi seach; seachas gach eisceacht chóir maidir le hinghlacthacht na ndoiciméad sin uile mar fhianaise sa chaingean seo.
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
[Tabhair tuairisc na ndoiciméad anseo; féadfar í a thabhairt mar a leanas:—]
Doiciméid Bhunaidh.
Tuairisc na nDoiciméad. |
Dáta |
... |
... |
Cóipeanna.
Tuairisc na nDoiciméad |
Arna ndátú |
Cathain agus conas a seirbheáladh, a seoladh ní a seachadadh an doiciméad bunaidh nó an dúblach, agus cé a rinne |
... |
... |
... |
_______
O. 32, r. 5
Fógra chun fíorais a admháil.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go n-éilíonn an gearánaí [nó an cosantóir] sa chaingean seo ar an gcosantóir [nó ar an ngearánaí] na fíorais leithleacha a shonraítear anseo thíos faoi seach a admháil, chun críocha na caingne seo amháin; agus ceanglaítear leis seo ar an gcosantóir, [nó ar an ngearánaí,] laistigh de shé lá ó sheirbheáil an fhógra seo, na fíorais leithleacha sin a admháil, seachas gach eisceacht chóir maidir le hinghlacthacht na bhfíoras sin mar fhianaise sa chaingean seo.
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
Is iad seo a leanas na fíorais a gceanglaítear a n-admháil—
_______
O. 32, r. 5
Admháil fíoras, de bhun fógra.
[Teideal na caingne].
Déanann an cosantóir [nó an gearánaí] sa chaingean seo, chun críocha na caingne seo amháin, na fíorais leithleacha a shonraítear anseo thíos faoi seach a admháil leis seo, faoi réir na n-agús nó na dteorainneacha, más ann, a shonraítear anseo thíos, seachas gach eisceacht chóir maidir le hinghlacthacht na bhfíoras sin, nó aon fhíorais acu, mar fhianaise sa chaingean seo.
Ach sin ar an gcoinníoll gur chun críocha na caingne seo amháin a dhéan- tar an admháil seo agus nach admháil í a bheidh le húsáid in aghaidh an chosantóra [nó an ghearánaí] ar aon ócáid eile, ná ag duine ar bith seachas an gearánaí [nó an cosantóir nó an páirtí atá ag éileamh na hadmhála].
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
Na fíorais a admhaítear. |
Agúis nó teorainneacha, más ann, ar faoina réir a admhaítear iad. |
... |
... |
_______
O. 32, r. 8
Fógra chun doiciméid a thabhairt ar aird
[foirm ghinearálta].
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go gceanglaítear ort leis seo gach leabhar, páipéar, litir agus cóip de litir, agus gach scríbhinn agus doiciméad eile atá i do choimeád nó i do sheilbh nó i do chumhacht, agus ina bhfuil aon taifead nó meabhrán nó miontuairisc, a bhaineann leis na hábhair atá i gceist, sa...................
seo, agus go háirithe..................., a thabhairt ar aird agus a thaispeáint don Chúirt ar thriail an seo.
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
_______
O. 35, r. 1
Saincheist.
[Teideal na caingne].
De bhrí go ndearbhascann A.B. agus go séanann C.D. [luaigh anseo an cheist nó na ceisteanna fíorais atá le triail], agus gur ordaigh an Breitheamh Onórach.......Uasal an cheist sin a thriail [luaigh anseo modh na trialach, cibé acu le giúiré nó gan ghiúiré], ar an ábhar sin, déantar an céanna a thriail dá réir sin.
_______
Uimh. 18.
Fógra Trialach (Gnáthfhoirm).
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go dtriailfear [*an chaingean seo nó na saincheisteanna sa chaingean seo a ordaíodh a thriail nó de réir mar a bheidh] ar cibé lá, nach lú ná **lá is fiche ó dháta seirbheála an fhógra seo, a shocróidh an Chúirt.
Arna dhátú..........................
(Arna shíniú)..............................
Do..........................................
*Cuir isteach de réir mar is cuí
**i gcás gearrfhógra trialach a bheith tugtha de réir Ordú 36, riail 16, cuir isteach an méid is lú ná sin d’fhógra atá le tabhairt.
Arna ionadú ag IR 355 de 2012 le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair 2012.
Uimh. 18A.[6]
Fógra Trialach (Díobhálacha Pearsanta).
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go dtriailfear [*an chaingean seo nó na saincheisteanna sa chaingean seo a ordaíodh a thriail nó de réir mar a bheidh] ar cibé lá, nach lú ná **lá is fiche ó dháta seirbheála an fhógra seo, a shocróidh an Chúirt.
i [Cuir isteach an chathair nó an baile ina bhfuil na himeachtaí intriailte de réir Ordú 36, riail 2].
An contae ina bhfuil cónaí ar an nGearánaí: .............................
An contae a líomhnaítear go ndearnadh an éagóir ann:.........................
I gcás ordachán a bheith tugtha faoi Ordú 36, riail 2, mír (c) nó (d), de Rialacha na nUaschúirteanna go mbeidh an triail ar siúl i gcathair nó i mbaile seachas a bhfuil forordaithe le hOrdú 36, riail 2, mír (b), sonraigh an dáta ar ar tugadh an t-ordachán sin: ..................................................
Arna dhátú
(Arna shíniú)
*Cuir isteach de réir mar is cuí
**i gcás gearrfhógra trialach a bheith tugtha de réir Ordú 36, riail 16, cuir isteach an méid is lú ná sin d’fhógra atá le tabhairt.
Arna ionadú ag IR 355 de 2012 le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair 2012.
_______
Uimh. 19.[7]
Fógra Trialach Faoi Ordú 36, Riail 6.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go dtriailfear [*an chaingean seo nó na saincheisteanna sa chaingean seo a ordaíodh a thriail nó de réir mar a bheidh] gan ghiúiré ar cibé lá, nach lú ná **lá is fiche ó dháta seirbheála an fhógra seo, a shocróidh an Chúirt i …….
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, mura gcuirfidh tú in iúl le fógra i scríbhinn, laistigh de cheithre lá dhéag (nó cibé tréimhse eile ama a lamhálfaidh an Chúirt) ó sheirbheáil an fhógra trialach seo, gur mian leat gur le giúiré a thriailfí an céanna, go ndéanfar an chaingean [nó de réir mar a bheidh] a thriail ag breitheamh, gan ghiúiré.
*Cuir isteach de réir mar is cuí
**i gcás gearrfhógra trialach a bheith tugtha de réir Ordú 36, riail 16, cuir isteach an méid is lú ná sin d’fhógra a bheidh le tabhairt.
Arna ionadú ag IR 355 de 2012 le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair 2012.
_______
O. 26, r. 1
Fógra scoir.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go scoireann an gearánaí leis seo den chaingean seo go hiomlán [nó go dtarraingíonn an gearánaí siar leis seo an méid dá éileamh sa chaingean seo a bhaineann le…….] [Más in aghaidh cosantóirí áirithe, agus ina n-aghaidh sin amháin é, cuir leis in aghaidh an chosantóra…….].
Arna dhátú …….
(Arna shíniú) …….
Do …….
_______
O. 40, r. 31
Fógra faoi theisteoirí a chroscheistiú sa triail.
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil ar intinn ag an ……. i dtriail na caingne seo na teisteoirí uile agus faoi seach a ainmnítear agus a thuairiscítear sa sceideal a ghabhann leis seo a chroscheistiú ar na mionnscríbhinní uathu a shonraítear ann.
Agus bíodh seo ina fhógra freisin go gceanglaítear ort leis seo na teisteoirí sin a thabhairt ar aird le haghaidh an chroscheistithe sin os comhair na Cúirte réamhráite.
Arna dhátú …….
(Arna shíniú) …….
Do …….
An sceideal dá dtagraítear thuas.
Ainm an teisteora |
Seoltaí agus tuairiscí |
An dáta ar ar comhdaíodh na mionnscríbhinní |
... |
... |
... |
_______
O. 12, r. 27
Mionnscríbhinn scríbhinní.
[Teideal na caingne].
Mionnaímse, A.B., as [áit chónaithe agus tuairisc], an gearánaí [nó C.D., as (áit chónaithe agus tuairisc), an cosantóir] sa chaingean seo, agus deirim mar a leanas:-
1. Níor tharla scríbhinn ar bith ar pháipéar ná ar phár arna déanamh nó arna scríobh tráth ar bith ag……., ba as [áit chónaithe agus tuairisc], atá éagtha, an t-éagach sa chúis seo, nó faoina threoir, agus a bhí nó a d’airbheartaigh a bheith ina huacht, ina codaisíl, ina dréacht nó ina cóip d’uacht nó de chodaisíl, nó d’aon chuid d’uacht nó de chodaisíl, nó ina treoracha scríofa le haghaidh uachta nó codaisíle, nó le haghaidh aon choda d’uacht nó de chodaisíl, nó a bhí i bhfoirm, nó ag a raibh éifeacht, uachta nó codaisíle, nó coda d’uacht, de chodaisíl, nó de dhiúscairt thiomnach eile ón…….sin, a theacht, tráth ar bith, roimh a bhás ná dá éis, chun bheith ar láimh, ar seilbh nó ar eolas nó faoi rialú agamsa, an teisteoir seo, ach amháin fíoruacht dheireanach bhunaidh [mar aon le codaisíl nó codaisíleacha, nó dréachtchóipeanna, nó de réir mar a bheidh] an éagaigh sin atá i gceangal leis seo, is uacht í sin dar dáta an…….lá de…….20……. [agus is codaisíl (nó de réir mar a bheidh) í sin dar dáta, etc.], agus ach amháin [cuir isteach anseo dátaí agus sonraí aon pháipéar tiomnach eile a bhfuil eolas, faisnéis nó tuairim ar bith ag an teisteoir fúthu; agus luaigh an duine nó na daoine ag a bhfuil a seilbh, agus seoladh an duine nó na ndaoine sin] freisin, agus ach amháin na páipéir a luaitear go díreach ina dhiaidh seo freisin (tabhair tuairisc na bpáipéar anseo, mar aon le dátaí, etc.), a chreidim go fírinneach a bheith ina sheilbh nó faoina rialú ag…….as……., agus deirim nach ndearna mé, ná nach ndearna aon duine thar mo cheann, ná le toiliú uaim ná de mo mhéin, agus nach eol dom agus nach gcreidim go ndearna aon duine ar chor ar bith, scríbhinn ar bith ar pháipéar ná ar phár, a bhí nó a d’airbheartaigh a bheith ina huacht, ina codaisíl, nó ina cuid d’uacht nó de chodaisíl, ina dréacht nó ina cóip d’uacht nó de chodaisíl, nó d’aon chuid d’uacht nó de chodaisíl, nó ina treoir scríofa le haghaidh uachta nó codaisíle, nó le haghaidh aon choda d’uacht nó de chodaisíl, nó a bhí i bhfoirm, nó ag a raibh éifeacht, uachta nó codaisíle, nó diúscartha tiomnaí eile, nó aon choda d’uacht nó de chodaisíl nó de dhiúscairt thiomnach eile, ón …….sin, éagach, a chealú, a choinneáil siar, ná a dhíothú, ná a chur á cealú, á coinneáil siar ná á díothú.
Arna mhionnú, etc.
Tá an mhionnscríbhinn seo arna comhdú thar ceann…….
_______
O. 57, r. 2 (2)
Mionnscríbhinn i gcás idirphléadála.
[Teideal na caingne].
Mionnaímse…….
as [áit chónaithe agus tuairisc], an cosantóir sa chaingean thuasluaite, agus deirim mar a leanas:—
1. Eisíodh an toghairm sa chaingean seo an…….lá de…….20……., agus seirbheáladh orm í an…….lá de……., 20……..
2. Tionscnaíodh an chaingean chun……. a aisghabháil. Tá an [nó na] ……. sin i mo sheilbhse, ach níl aon leas á éileamh agam ina leith
3. An ceart chun ábhar sin na caingne seo, tá éileamh air déanta agus á dhéanamh [más i scríbhinn é, foilseán í] ag…….áirithe atá tar éis [luaigh an t-agra nó an choinne atá leis].
4. Níl mé claonpháirteach ar shlí ar bith leis an……. sin ná leis na ngearánaí thuasainmnithe, ach tá mé réidh chun an……. sin a thabhairt isteach sa chúirt nó a íoc nó a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh nó a threoróidh an Chúirt.
Arna mhionnú, etc. …….
O. 57, r. 15
Fógra i dtaobh éilimh ar earraí a tógadh i bhforghníomhú.
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil éileamh déanta ag A.B. ar na hearraí (nó ar earraí áirithe) [i gcás nach n-éilítear ach earraí áirithe, áirigh anseo iad] a tógadh i bhforghníomhú ag sirriam (Cláraitheoir Contae) ……. faoin ordú forghníomhaithe a eisíodh sa chaingean seo. Ceanglaítear ort leis seo teideal an A.B. sin chun na n-earraí sin a admháil nó a dhíospóid agus fógra ina thaobh sin a thabhairt i scríbhinn don sirriam (don Chláraitheoir Contae) sin laistigh de cheithre lá tar éis an fógra seo a fháil, agus mura ndéanfar sin féadfaidh an sirriam (an Cláraitheoir Contae) sin idirphléadáil a thionscnamh. Má admhaíonn tú teideal an A.B. sin chun na n-earraí sin, agus fógra ina thaobh sin a thabhairt mar atá ráite don sirriam (don Chláraitheoir Contae) sin, ní bheidh tú faoi dhliteanas ag an sirriam (ag an gCláraitheoir Contae) sin ach i leith aon táillí agus caiteachas a bheidh tabhaithe sula bhfaighfear an fógra ag admháil an éilimh.
Arna dhátú…….
(Arna shíniú) …….
Don ghearánaí
Sirriam (Cláraitheoir Contae)
_______
O. 57, r. 15
Fógra ag admháil nó ag díospóid theideal an éilitheora.
Bíodh seo ina fhógra go n-admhaím [nó go ndíospóidim] teideal A.B. chun na n-earraí [nó chun earraí ar leith de na hearraí], eadhon, ……. a d’urghabh tú faoin bhforghníomhú a eisíodh faoin mbreithiúnas sa chaingean seo.
Arna dhátú …….
(Arna shíniú) …….
Gearánaí nó Aturnae
Do shirriam (Do Chláraitheoir Contae) agus dá oifigigh.
_______
O. 34, r. 5
Taifeadadh cáis speisialta.
[Teideal na caingne].
Déantar an cás speisialta dar dáta an…….lá de…….20……., sa…….seo, a thaifeadadh, agus cuirtear síos é i gcomhair argóinte.
Arna dhátú …….
(Arna shíniú) …….
_______
O. 46, r. 6
Mionnscríbhinn i dtaobh stoic.
An Ard-Chúirt.
Maidir le (luaigh dáta agus cineál na socraíochta nó na huachta nó an doic- iméid eile is iomchuí, mar aon le sonraí eile is gá chun an céanna a aithint). Agus maidir leis an Chancery (Ireland) Act, 1867.
_______
Mionnaímse, …….as……., agus deirim mar a leanas:
1. De réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, tá leas tairbhiúil agam (nó más é an t-aturnae atá ag déanamh na mionnscríbhinne ag A.B., as…….) sa mhaoin a cuimsíodh (nó a socraíodh) sa tsocraíocht (nó san uacht, nó de réir mar a bheidh) thuasluaite.
2. De réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim, is éard atá sa mhaoin sin (nó folaíonn an mhaoin sin) ina bhfuil leas tairbhiúil agam, (nó ag an A.B. sin,) mar atá ráite, an méid seo a leanas:—
(leag amach na sonraí)
Arna mhionnú, etc. …….
Tá an mhionnscríbhinn seo arna comhdú thar ceann A.B. Is ceart fógraí dó a chur go dtí (seoladh le haghaidh seirbheála).
_______
0. 46, r. 6
Fógra i dtaobh stoic.
[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 27].
Do Chuideachta……..
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil an stoc (nó na scaireanna) seo a leanas i gcaipiteal do chuideachta (nó de réir mar a bheidh), eadhon (leag amach na sonraí), cuimsithe (nó socraithe) sa tsocraíocht (nó san uacht nó de réir mar a bheidh) thuasluaite agus go bhfuil sé (nó siad) anois faoi réir iontaobhais na socraíochta sin (nó na huachta sin nó de réir mar a bheidh); agus, dá réir sin, is fógra é seo chun stop a chur le haistriú an stoic (nó na scaireanna) sin ach gan stop a chur le híoc díbhinní ar an gcéanna (nó le haistriú an stoic (nó na scaireanna) sin agus le híoc díbhinní ar an gcéanna) de bhun Ordú 46, rialacha 5 go 13, de Rialacha na nUaschúirteanna.
Arna dhátú……..
(Arna shíniú) A.B.
(nó X.Y., aturnae thar ceann A.B.)
_______
O. 68, r. 6
Fógra faoi chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim nó faoi éileamh uathu.
Maidir le X.Y., éagach
Tugann na Coimisinéirí Ioncaim fógra duit leis seo, de bhun Ordú 68, riail 6, de Rialacha na nUaschúirteanna, go [leag amach go gearr an cinneadh nó an t-éileamh atá i gceist].
Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh nó an éilimh réamhráite de bhun an Finance Act, 1894, alt 10, is ceart duit ráiteas i scríbhinn i dtaobh fhorais d’achomhairc a sheachadadh nó a fhágáil in oifig an Aturnae Ioncaim i gCaisleán Bhaile Átha Cliath laistigh de mhí tar éis an fógra seo a fháil.
Arna dhátú……..
(Arna shíniú) ……..
Do……..
_______
Fógra Go Bhfuil ar Intinn Achomharc a Chonspóid mar Fhreagróir
[Teideal na caingne].
Bíodh seo ina fhógra go bhfuil ar intinn ag an gcosantóir, E.F., an t-achomharc a thionscain an cosantóir, C.D., in aghaidh an bhreithiúnais sa chaingean seo a chonspóid mar fhreagróir, de bhun an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961, alt 32 (3).
Arna dhátú……..
(Arna shíniú) ……..
Do……..
_______
O. 72A Riall 3(2)
AN ARD-CHÚIRT
iarratas chun lis pendens a chlárú
Iarraim ort na sonraí seo a leanas a thaifeadadh sa chlár de lis pendens de réir alt 121 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009.
Ainm agus seoladh an iarratasóra ar chlárú:
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
Aturnae thar ceann an iarratasóra:
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
An Chúirt inar tionscnaíodh an chaingean nó na himeachtaí:
An Ard-Chúirt/An Chúirt Chuarda, Cuaird....................., Contae.........................
An dáta ar ar tosaíodh an chaingean nó na himeachtaí:............................ 20........ Teideal agus uimhir thaifid na caingne nó na n-imeachtaí:
An Ard-Chúirt (nó, An Chúirt Chuarda)
Idir......................................................................................................... Gearánaí
Agus...................................................................................................... Cosantóir
Taifead Uimh. ................................................................................................................
Ainm agus gnátháit chónaithe an duine a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an clárú difear dá eastát/dá heastát, nó an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige/aici (nó i gcás cuideachta, oifig chláraithe na cuideachta sin), agus tuairisc an duine sin
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
Tuairisc ............................................................................................................................
(don oifig amháin)
DEIMHNIÚ AR CHLÁRÚ LIS PENDENS
DEIMHNÍM go ndearnadh an lis pendens a bhfuil sonraí ina leith leagtha amach sa mheamram thuas a chlárú go cuí sa Phríomh-Oifig an................................20....
(i Leabhar............................, Leathanach............................ ).
Arna dhátú: .................... 20.....
Cláraitheoir
Arna ionadú le IR 149 de 2010,, le héifeacht ón 10 Bealtaine 2010.
_______
Uimh. 32
AN ARD-CHÚIRT
Toiliú le Taifeadadh Lis Pendens a Chealú
Toilímse......................., iarratasóir chun an lis pendens a bhfuil sonraí ina leith leagtha amach thíos a chlárú, le cealú an taifeadta ina leith ar an gclár de lis pendens de réir mhír (a) d’alt 122 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009.
Ainm agus seoladh an iarratasóra ar chlárúchán:
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
Aturnae thar ceann an iarratasóra:
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
Sonraí an lis pendens atá le cealú
Dáta an taifeadta sa chlár de lis pendens:............................................
An Chúirt inar tionscnaíodh an chaingean nó na himeachtaí:
An Ard-Chúirt/An Chúirt Chuarda, Cuaird........................, Contae........................ Teideal agus uimhir thaifid na caingne nó na n-imeachtaí:
An Ard-Chúirt (nó, An Chúirt Chuarda)
Idir......................................................................................................... Gearánaí
Agus...................................................................................................... Cosantóir
Taifead Uimh. ................................................................................................................
Ainm agus gnátháit chónaithe an duine a raibh sé beartaithe go ndéanfadh an clárú difear dá eastát/dá heastát, nó an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige/aici (nó i gcás cuideachta, oifig chláraithe na cuideachta sin), agus tuairisc an duine sin
Ainm: ...............................................................................................................................
Seoladh: ...........................................................................................................................
Tuairisc ............................................................................................................................
Arna ionadú le IR 149 de 2010, le héifeacht ón 10 Bealtaine 2010.
_______
O. 72A Riall 5
AN ARD-CHÚIRT
Deimhniú ar Thaifeadadh Lis Pendens a Chealú
DEIMHNÍM gur cealaíodh taifeadadh lis pendens, a bhfuil sonraí ina leith leag- tha amach thíos, ar an gclár de lis pendens de réir alt 122 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
*[le toiliú [XY], a tugadh ar an modh forordaithe, ar ar iarratas uaidh/uaithi a cláraíodh é]
*[ar fhógra, a tugadh ar an modh forordaithe, i dtaobh ordaithe ón gCúirt .......... arna dhátú an lá de ............................. 20. faoi alt 123 den Acht um Athchóiriú
an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, lenar díchuireadh an lis pendens, a thaisceadh sa Phríomh-Oifig]
Sonraí i dtaobh thaifeadadh an lis pendens a cealaíodh
Dáta an lis pendens a thaifeadadh sa chlár:................................................................ An Chúirt inar tionscnaíodh an chaingean nó na himeachtaí:
An Ard-Chúirt/An Chúirt Chuarda, Cuaird........................, Contae........................ Teideal agus uimhir thaifid na caingne nó na n-imeachtaí:
An Ard-Chúirt (nó, An Chúirt Chuarda)
Idir........................ Gearánaí
Agus........................ Cosantóir
Taifead Uimh. ................................................................................................................
Ainm agus gnátháit chónaithe an duine a raibh sé beartaithe go ndéanfadh an clárú difear dá eastát/dá heastát, nó an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige/aici (nó i gcás cuideachta, oifig chláraithe na cuideachta sin), agus tuairisc an duine sin
Ainm: ....................................................................................................................
Seoladh: ....................................................................................................................
Tuairisc .....................................................................................................................
* scrios de réir mar is cuí
Arna ionadú le IR 149 de 2010, le héifeacht ón 10 Bealtaine 2010.
_______