Back
Back

Suíonna Saoire na Cúirte Dúiche - Lúnasa 2025 - Na Cúige

IR. 313/2025
AN tORDÚ UM CHÚIRT DÚICHE (LAETHANTA AGUS UAIREANTA) (SUÍONNA LÚNASA), 2025

  1. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 1 Lúnasa 2025.
     
  2. Tionólfar suíonna chun críocha Airteagal 5(b) den Ordú um Cheantair Chúirte Dúiche (Leasú), 1970 (I.R. Uimh. 161 de 1970) i mí Lúnasa in agus do gach ceantar Chúirte Dúiche dá dtagraítear i gcolún (2) den tábla leis an Ordú seo (i ngach cás ag freastal ar an gceantar Chúirte Dúiche a luaitear i gcolún (1) den tábla díreach os comhair na tagartha sin). Nuair nach dtionólfar na suíonna sin ar na laethanta sin, agus ar na huaireanta sin agus ag an láthair a bheidh socraithe de thuras na huaire do shuíonna na Cúirte Dúiche chun críocha gnó na Cúirte Dúiche  ag feidhmiú a dlínse achomaire di, a sheoladh sa Cheantar Chúirte Dúiche sin leis an Ordú Cúirte Dúiche (Ceantair), 1961 (I.R. Uimh. 5 de 1961)(arna leasú)(an “Príomh-Ordú”), tionólfar na suíonna sin ar na laethanta sin, agus ar na huaireanta dá dtagraítear i gcolún (3) den tábla díreach os comhair an Cheantair Chúirte Dúiche  dá dtagraítear i gcolún (2).

 

Ceantar na Cúirte Dúiche 

Ceantar na Cúirte Dúiche sa Cheantar sin ina mbíonn Suíonna Lúnasa (dlínse achomaire) a fhreastalaíonn ar an gCeantar sin 

Laethanta agus uaire suíonna (i gcás nach ionann an láthair, uaire agus laethanta forordaithe ag an bPríomh-Ordú don Cheantar sin) 

Dúiche Uimh. 1 

Leitir Ceanainn
Na Gleannta

Déardaoin ar 11 r.n.
An chéad Aoine ar 10:30 r.n.

Dúiche Uimh. 2

Sligeach

Céadaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh. 3

Béal an Átha

An chéad agus an dara Céadaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh.3

Caisleán an Bharraigh

An tríú agus an ceathrú Céadaoin ar 11 r.n.

Dúiche Uimh.4

Baile Anraí 

Aoine ar 11 r.n.

Dúiche Uimh.4

Baile Locha Riach 

Aoine ar 11 r.n.

Dúiche Uimh. 5

An Cabhán

An chéad agus an dara hAoine ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh .5

Muineachán 

An tríú, ceathrú agus cúigiú hAoine ar 11 r.n.

Dúiche Uimh.6

Dún Dealgan 

Céadaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh.7

Gaillimh 

Máirt ar 11 r.n.

Dúiche Uimh . 8

An tAonach 

Aoine ar 11 r.n.

Dúiche Uimh .9

An Longfort

Luan ar 11 r.n. (lá saoire bainc san áireamh) 

Dúiche Uimh. 10

Baile Átha Troim 

.Máirt ar 11 r.n

Dúiche Uimh. 12  

Inis 

An chéad Mháirt ar 11 r.n.
An dara, tríú, agus ceathrú Luan ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh.13

Sráid Mulgrave 

.Céadaoin ar 10:30 r.n. 

Dúiche Uimh.15

Port Laoise

An chéad Aoine ar 11 r.n.
An chéad, dara, tríú agus ceathrú Déardaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh. 16

Bré

Céadaoin ar 10:30 r.n. 

Dúiche Uimh. 17 

Trá Lí 

Déardaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh. 18

Cloich na Coillte 

Déardaoin ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh. 19

Sráid Anglesea 

Luan (seachas Lá Saoire Bainc), Céadaoin agus Aoine ar 10.30 r.n. 

Dúiche Uimh. 19 

Sráid Washington 

Luan (seachas Lá Saoire Bainc), Céadaoin agus Aoine ar 2 i.n. 

Dúiche Uimh.20

Mala

Máirt ar 10:30 r.n

Dúiche Uimh.21 

Cluain Meala 

Máirt ar 3 i.n.

Dúiche Uimh. 22

Cill Chainnigh

An chéad agus an dara Máirt ar 11 r.n.  

Dúiche Uimh.22

Ceatharlach

 An tríú agus an ceathrú Máirt ar 11 r.n. 

Dúiche Uimh. 23 

Loch Garman 

Céadaoin ar 11 r.n.

Dúiche Uimh. 24

Port Láirge 

Máirt ar 11 r.n

Dúiche Uimh. 25

An Nás 

Déardaoin ar 11 r.n.