Foscríbhinn CC: Caingne Diobhálacha Pearsanta (An tAcht Um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004)
Aguisín CC arna chur isteach le IR 248 de 2005, le héifeacht ón 2 Meitheamh 2005.
TOGHAIRM DÍOBHÁLACHA PEARSANTA
O. 1A, r.3
AN ARD-CHÚIRT
20..... Uimh......
Idir
A.B.,
............. Gearánaí,
agus
C.D.,
................ Cosantóir.
Don chosantóir
(slí bheatha)
a mbíonn gnáthchónaí air/uirthi i………………..
i gContae………………..
Ceanglaítear ort leis an toghairm díobhálacha pearsanta seo láithreas a thaifeadadh, i bpearsa nó trí aturnae, sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, sa chaingean sin thuas laistigh d’ocht lá tar éis an toghairm a sheirbheáil ort (gan lá na seirbheála sin a áireamh).
Agus BÍODH SEO INA FHÓGRA, mura ndéanfaidh tú láithreas a thaifeadadh, go bhféadfaidh an gearánaí dul ar aghaidh sa chaingean seo, agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i d’éagmais.
LE hORDÚ,
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann,
an………………..lá de ………………..dhá mhíle .............................
N.B.-Tá an toghairm seo le seirbheáil laistigh de dhá mhí dhéag féilire óna dháta seo, mura rud é go mbeidh an tréimhse ama i gcomhair seirbheála fadaithe ag an gCúirt. Féadfaidh an cosantóir láithriú de réir na toghairme seo trí láithreas a thaifeadadh go pearsanta nó trí aturnae sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH.
Is é seo a leanas éileamh an ghearánaí ar na faoisimh atá leagtha amach anseo i leith díobhálacha pearsanta a bhain don ghearánaí [nó luaigh an cháil ina bhfuil an gearánaí ag agairt]:
[Maidir le formhuiniú an éilimh ar thoghairm díobhálacha pearsanta
- déanfar sonraí iomlána mionsonraithe i dtaobh an mhéid seo a leanas a leagan amach, i míreanna uimhrithe, ann–
- cineál an éilimh agus cineál gach líomhna, dearbhaithe nó pléadála arb éard iad an t-éileamh sin;
- na díobhálacha don ghearánaí a líomhnaítear gurbh í éagóir an chosantóra ba chúis leo;
- gníomhartha an chosantóra arb éard iad an éagóir sin, agus na himthosca a bhaineann le déanamh na héagóra sin;
- gach cás ina ndearna an cosantóir faillí, agus
- beidh sceideal ann ina mbeidh sonraí iomlána i dtaobh na míreanna uile de dhamáiste speisialta a bhfuil éileamh á dhéanamh ag an ngearánaí ina leith.
Seo a leanas formáid atá á moladh mar fhormáid ina bhféadfaí an formhuiniú a chur i láthair:
- Tuairisc na bpáirtithe;
- Cineál an éilimh;
- Gníomhartha an chosantóra a líomhnaítear gur éagóir iad, gach cás ina ndearna an cosantóir faillí, na himthosca iomchuí eile go léir i ndáil le déanamh na héagóra sin agus aon dearbhú nó pléadáil eile maidir leis an gcéanna;
- Na díobhálacha don ghearánaí a líomhnaítear gurbh í éagóir an chosantóra ba chúis leo;
- Na faoisimh atá á lorg;
- (Más cuí) na sonraí a cheanglaitear le hOrdú 4, riail 3A.
AN SCEIDEAL
Sonraí i dtaobh na Míreanna de Dhamáiste Speisialta
(Is ceart sonraí iomlána a leagan amach. Cuir isteach duilleoga breise más gá)
(Is ceart sonraí i dtaobh líomhna ginearálta a leagan amach san fhormhuiniú faoin mír ina bhfuil an líomhain sin agus “Sonraí i dtaobh ... etc.” mar cheannteideal orthu. I gcás ina mbeidh na sonraí sin an-fhada, féadfar, mar mhalairt air sin, iad a chur i sceidil leis an bhformhuiniú nó iad a leagan amach i nduilleoga breise ag gabháil leis an Toghairm Díobhálacha Pearsanta tráth eisiúna agus seirbheála.)]
(Arna shíniú)_________________
Is é/í an gearánaí a d’eisigh an toghairm seo
NÓ
Is é/í……………….., aturnae thar ceann an ghearánaí, a d’eisigh an toghairm seo. Is é……………….. áit chláraithe ghnó an aturnae sin.
Is iad seo a leanas mionsonraí pearsanta an ghearánaí:
- Is é seo a leanas an seoladh ina mbíonn gnáthchónaí ar an nGearánaí:
(luaigh an seoladh go cruinn). Is ceart seoladh an ghearánaí le haghaidh seirbheála, murab ionann é agus seoladh an ghearánaí atá luaite thuas, a lua anseo freisin:
- Slí bheatha an Ghearánaí: ………………..
- Dáta breithe an Ghearánaí:………………..Lá:………Mí………………..Bliain………………..
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an Ghearánaí: ………………..
(Mura bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí eisithe chuig an nGearánaí, ní foláir é sin a lua)
FORMHUINIÚ NA SEIRBHEÁLA
Sheirbheáil mé an toghairm seo i………………..
ar an gcosantóir Dé ………………..
an………………..lá de……………….., 20 ………………..
Arna fhormhuiniú an ………………..lá de ………………..20………………..
(Arna shíniú) ………………..
(Seoladh) ………………..
Arna ionadú ag IR 475 de 2017, le héifeacht ón 27 Samhain 2017.
-----------
COSAINT DÍOBHÁLACHA PEARSANTA
O. 1A, r. 8
AN ARD-CHÚIRT
20…. Uimh……
Idir
A.B.,
............. Gearánaí,
agus
C.D.,
................ Cosantóir.
Arna sheachadadh an………………..lá de ………………..dhá mhíle ............................. ag AB as (áit chláraithe ghnó), aturnae thar ceann an chosantóra.
BÍODH SEO INA FHÓGRA gurb é seo a leanas cosaint an chosantóra ar éileamh an ghearánaí arna dhéanamh le toghairm díobhálacha pearsanta arna dátú an………………..lá de………………..dhá mhíle
[Maidir le cosaint ar chaingean díobhálacha pearsanta:
- sonrófar an méid seo a leanas inti–
- na líomhaintí a shonraítear, nó na hábhair a phléadáiltear, sa toghairm díobhálacha pearsanta nach bhfuil cruthúnas orthu á éileamh ag an gcosantóir,
- na líomhaintí a shonraítear, nó na hábhair a phléadáiltear, sa toghairm díobhálacha pearsanta a bhfuil cruthúnas orthu á éileamh aige nó aici,
- na forais ar a n-éilíonn an cosantóir nach bhfuil sé nó sí faoi dhliteanas i leith aon díobhálacha a bhain don ghearánaí, agus
- i gcás ina líomhnaíonn an cosantóir gur gníomhartha an ghearánaí féin ba chúis, go hiomlán nó go páirteach, le cuid de na díobhálacha pearsanta, nó leis na díobhálacha pearsanta uile, a bhain don ghearánaí, na forais ar a líomhnaíonn sé nó sí amhlaidh, agus
- beidh inti sonraí iomlána mionsonraithe i dtaobh gach séanta nó trasnaithe, agus i dtaobh gach líomhna, dearbhaithe nó pléadála, arb éard iad cosaint an chosantóra agus, más cuí, beidh inti frithsceideal ina leagfar amach an chosaint ar mhíreanna de dhamáiste speisialta arna n-éileamh ag an ngearánaí.
AN FRITHSCEIDEAL
COSAINT AR MHÍREANNA DE DHAMÁISTE SPEISIALTA ARNA nÉILEAMH AG AN nGEARÁNAÍ
(cuir isteach duilleoga breise más gá)
(cuir isteach duilleoga breise más gá)
(Is ceart sonraí i dtaobh séanta ghinearálta, trasnaithe ghinearálta, líomhna ginearálta, dearbhaithe ghinearálta nó pléadála ginearálta a leagan amach sa Chosaint faoin mír ina bhfuil an céanna agus “Sonraí i dtaobh ... etc.” mar cheannteideal orthu. I gcás ina mbeidh na sonraí sin an-fhada, féadfar, mar mhalairt air sin, iad a chur i sceidil leis an gCosaint nó iad a leagan amach i nduilleoga breise ag gabháil leis an gCosaint tráth seirbheála.)]
(Arna shíniú)___________________
-------------
FRITHÉILEAMH DÍOBHÁLACHA PEARSANTA
O. 1A, r. 8
FORMHUINIÚ AN FHRITHÉILIMH.
Is é seo a leanas frithéileamh an chosantóra ar na faoisimh atá leagtha amach anseo i leith díobhálacha pearsanta a bhain don chosantóir:
[Maidir le frithéileamh díobhálacha pearsanta
- déanfar sonraí iomlána mionsonraithe i dtaobh an mhéid seo a leanas a leagan amach, i míreanna uimhrithe, ann–
- cineál an fhrithéilimh agus cineál gach líomhna, dearbhaithe nó pléadála arb éard iad an frithéileamh sin;
- na díobhálacha don chosantóir a líomhnaítear gurbh í éagóir an ghearánaí ba chúis leo;
- gníomhartha an ghearánaí arb éard iad an éagóir sin, agus na himthosca a bhaineann le déanamh na héagóra sin;
- gach cás ina ndearna an gearánaí faillí, agus
- beidh sceideal ann ina mbeidh sonraí iomlána i dtaobh na míreanna uile de dhamáiste speisialta a bhfuil éileamh á dhéanamh ag an gcosantóir ina leith.
Seo a leanas formáid atá á moladh mar fhormáid ina bhféadfaí an formhuiniú a chur i láthair:
- Tuairisc na bpáirtithe;
- Cineál an fhrithéilimh;
- Gníomhartha an ghearánaí a líomhnaítear gur éagóir iad, gach cás ina ndearna an gearánaí faillí, na himthosca iomchuí eile go léir i ndáil le déanamh na héagóra sin agus aon dearbhú nó pléadáil eile maidir leis an gcéanna;
- Na díobhálacha don chosantóir a líomhnaítear gurbh í éagóir an ghearánaí ba chúis leo;
- Na faoisimh atá á lorg;
- (Más cuí) na sonraí a cheanglaítear le hOrdú 4, riail 3A.
AN SCEIDEAL
Sonraí i dtaobh na Míreanna de Dhamáiste Speisialta
(Is ceart sonraí iomlána a leagan amach. Cuir isteach duilleoga breise más gá)
(Is ceart sonraí i dtaobh líomhna ginearálta a leagan amach san fhormhuiniú faoin mír ina bhfuil an líomhain sin agus “Sonraí i dtaobh ... etc.” mar cheannteideal orthu. I gcás ina mbeidh na sonraí sin an-fhada, féadfar, mar mhalairt air sin, iad a chur i sceidil leis an bhformhuiniú nó iad a leagan amach i nduilleoga breise ag gabháil leis an bhfrithéileamh tráth seirbheála.)]
Is iad seo a leanas mionsonraí pearsanta an chosantóra:
- Seoladh ghnátháit chónaithe an chosantóra: ………………..
(luaigh an seoladh go cruinn). Is ceart seoladh an chosantóra le haghaidh seirbheála, murab ionann é agus an seoladh atá luaite thuas, a lua anseo:
- Slí bheatha an Chosantóra:………………..
- Dáta breithe an Chosantóra: Lá………………..: Mí……………….. Bliain ………………..
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an Chosantóra: ………………..
(Mura bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí eisithe chuig an gCosantóir, ní foláir é sin a lua)
(Arna shíniú)________________________
--------
MIONNSCRÍBHINN FÍORÚCHÁIN
O. 1A, r. 10
AN ARD-CHÚIRT
20…. Uimh……
Idir
A.B.,
............. Gearánaí,
agus
C.D.,
................ Cosantóir.
MIONNAÍMSE, AB, ........................................., as ..................................................................., an (gearánaí, cosantóir nó luaigh an cháil nó an t-údarás eile) sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu, atá ocht mbliana déag d’aois agus os a chionn, agus deirim mar a leanas:
- Tagraím d’ábhar (na toghairme díobhálacha pearsanta, na cosanta, an fhreagra, na faisnéise breise etc. — de réir mar a bheidh) a seachadadh san imeacht seo thar ceann an (ghearánaí/chosantóra) an .... lá de .................. 20.... *[a bhfuil an mhionnscríbhinn seo formhuinithe uirthi/air] *[agus ar shínigh mé m’ainm ar chóip dhílis di/de, ar a bhfuil an marc “A”, sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo].
- Tá na dearbhuithe, na líomhaintí agus an fhaisnéis atá sa/san (toghairm díobhálacha pearsanta, etc.) sin agus ar feasach dom féin iad fíor. Creidim go macánta go bhfuil na dearbhuithe, na líomhaintí agus an fhaisnéis atá sa/san (toghairm díobhálacha pearsanta, etc.) sin agus nach feasach dom féin iad fíor.
- Is eol dom gur cion é ráiteas atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha agus arb eol dom é a bheith bréagach nó míthreorach a dhéanamh sa mhionnscríbhinn seo.
ARNA MHIONNÚ etc.
* Scrios mura n-oireann.
---------------
NOTICE OF OFFER OF TERMS OF SETTLEMENT
O. 1A, r. 13
AN ARD-CHÚIRT
20…. Uimh……
Idir
A.B.,
............. Gearánaí,
agus
C.D.,
................ Cosantóir.
BÍODH SEO INA FHÓGRA gurb amhlaidh, chun críocha alt 17 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004, go bhfuil an *gearánaí/cosantóir toilteanach an chaingean a bhfuil an teideal thuas uirthi a shocrú ar na téarmaí seo a leanas:
TÉARMAÍ SEACHAS TÉARMAÍ I dTAOBH COSTAS:
TÉARMAÍ I dTAOBH COSTAS:
[nó]
BÍODH SEO INA FHÓGRA gurb amhlaidh, chun críocha alt 17 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004, nach bhfuil an cosantóir ullamh ar aon suim airgid a íoc leis an ngearánaí mar shocraíocht ar an gcaingean a bhfuil an teideal thuas uirthi.
Arna shíniú:________________
Dáta: ………………..
* Scrios cibé ceann nach n-oireann
---------------
TOGHAIRM DÍOBHÁLACHA PEARSANTA I LEITH CÚITEAMH GARDA
O. 1A, r. 3(2)
AN ARD-CHÚIRT
20…. Uimh……
Idir
A.B.,
………………..Gearánaí
agus
C.D.,
………………..Cosantóir
Don chosantóir, Coimisinéir an Gharda Síochána as ………. i gContae ………..
Ceanglaítear ort leis an toghairm díobhálacha pearsanta seo i leith cúiteamh Garda láithreas a thaifeadadh, i bpearsa nó trí aturnae, sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, sa chaingean sin thuas laistigh d’ocht lá tar éis an toghairm a sheirbheáil ort (gan lá na seirbheála sin a áireamh).
Agus BÍODH SEO INA FHÓGRA, mura ndéanfaidh tú láithreas a thaifeadadh, go bhféadfaidh an gearánaí dul ar aghaidh sa chaingean seo, agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i d’éagmais.
LE hORDÚ,
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, an … lá de ….. dhá mhíle ……
N.B. - Tá an toghairm seo le seirbheáil laistigh de dhá mhí dhéag féilire óna dháta seo, mura rud é go mbeidh an tréimhse ama i gcomhair seirbheála fadaithe ag an gCúirt.
Féadfaidh an cosantóir láithriú de réir na toghairme seo trí láithreas a thaifeadadh go pearsanta nó trí aturnae sa Phríomh-Oifig, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH.
Is é éileamh an ghearánaí éileamh ar na faoisimh atá leagtha amach anseo:
*i leith díobhálacha a rinneadh don ghearánaí (is comhalta nó iarchomhalta den Gharda Síochána) de dheasca teagmhas mailíseach (de réir bhrí alt 2 d’Acht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022)
* i leith bhás [ainm an chomhalta] (is comhalta nó iarchomhalta den Gharda Síochána) de dheasca teagmhas mailíseach (de réir bhrí alt 2 d’Acht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022)
[Maidir le formhuiniú an éilimh ar thoghairm díobhálacha pearsanta i leith Cúiteamh Garda
- déanfar sonraí iomlána mionsonraithe i dtaobh an mhéid seo a leanas a leagan amach, i míreanna uimhrithe, ann-
- cineál an éilimh agus cineál gach líomhna, dearbhaithe nó pléadála arb éard iad an t-éileamh sin;
- na fíorais arb éard iad an teagmhas mailíseach lena mbaineann an t-éileamh agus na himthosca a bhaineann leis an teagmhas mailíseach, lena n-áirítear an bhaint a bhí ag an ngearánaí (nó ag an nGarda lena mbaineann) leis an teagmhas sin;
- na díobhálacha don ghearánaí (nó don Gharda éagtha lena mbaineann) a líomhnaítear a rinneadh de dheasca an teagmhais mhailísigh;
- i gcás éileamh dá dtagraítear in alt 23(6) d’Acht 2022, na fíorais agus na himthosca a líomhnaítear go suitear leo gur duine a bhféadfar cúiteamh a dheonú dó nó di faoi Acht 2022 é nó í an t-éilitheoir nó an duine ar chun sochair dó nó di atá na himeachtaí á dtionscnamh ag an éilitheoir agus go raibh an t-éilitheoir nó an duine sin i gcleithiúnas go hiomlán nó go páirteach ar an duine éagtha, agus
- beidh sceideal ann ina mbeidh sonraí iomlána i dtaobh na míreanna uile de dhamáiste speisialta a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh ina leith.
Seo a leanas formáid atá á moladh mar fhormáid ina bhféadfaí an formhuiniú a chur i láthair:
- Tuairisc na bpáirtithe, lena n-áirítear ainm agus slí bheatha an chosantóra [i.e. Coimisinéir an Gharda Síochána];
- Cineál an éilimh;
- Mionsonraí faoin teagmhas mailíseach lena mbaineann an t-éileamh, lena n-áirítear an bhaint a bhí ag an ngearánaí (nó ag an nGarda éagtha lena mbaineann) leis;
- Na díobhálacha don ghearánaí (nó don Gharda éagtha lena mbaineann) a rinneadh de dheasca an teagmhais mhailísigh;
- In éileamh dá dtagraítear in alt 23(6) d’Acht 2022, sonraí iomlána faoi infheidhmeacht alt 8(2)(b) d’Acht 2022 maidir leis an éilitheoir nó an duine ar chun sochair dó nó di atá na himeachtaí á dtionscnamh ag an éilitheoir agus faoin tslí a raibh an t-éilitheoir nó an duine sin i gcleithiúnas go hiomlán nó go páirteach ar an nGarda éagtha lena mbaineann;
- Na faoisimh atá á lorg;
- (Más cuí) na sonraí a cheanglaitear le hOrdú 4, riail 3A.
AN SCEIDEAL
Sonraí i dtaobh na Míreanna de Dhamáiste Speisialta
(Is ceart sonraí iomlána a leagan amach. Cuir isteach duilleoga breise más gá)
(Is ceart sonraí i dtaobh líomhna ginearálta a leagan amach san fhormhuiniú faoin mír ina bhfuil an líomhain sin agus “Sonraí i dtaobh ... etc.” mar cheannteideal orthu. I gcás ina mbeidh na sonraí sin an-fhada, féadfar, mar mhalairt air sin, iad a chur i sceidil leis an bhformhuiniú nó iad a leagan amach i nduilleoga breise ag gabháil leis an Toghairm Díobhálacha Pearsanta i leith Cúiteamh Garda tráth eisiúna agus seirbheála.) ]
(Arna shíniú)_________________
Is é/í an gearánaí ………… a d’eisigh an toghairm Díobhálacha Pearsanta seo i leith Cúiteamh Garda.
NÓ
Is é/í …………., aturnae thar ceann an ghearánaí, a d’eisigh an toghairm Díobhálacha Pearsanta seo i leith Cúiteamh Garda. Is é …………. áit chláraithe ghnó an aturnae sin *agus toilíonn sé/sí le doiciméid sna himeachtaí a sheirbheáil leis an bpost leictreonach chuig ……………
Is iad seo a leanas mionsonraí pearsanta an ghearánaí:
- Is é seo a leanas an seoladh ina mbíonn gnáthchónaí ar an nGearánaí: …………. (luaigh an seoladh go cruinn). Is ceart seoladh an ghearánaí le haghaidh seirbheála, murab ionann é agus seoladh an ghearánaí atá luaite thuas, a lua anseo freisin:
Má thoilíonn an gearánaí le doiciméid sna himeachtaí a sheirbheáil leis an bpost leictreonach, luaigh an seoladh poist leictreonaigh a bhféadfar na doiciméid sin a chur chuige:
- Slí bheatha an Ghearánaí:
- Dáta breithe an Ghearánaí: …. Lá: …. Mí …… Bliain
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an Ghearánaí: ………….
(Mura bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí eisithe chuig an nGearánaí, ní foláir é sin a lua) ….….….
FORMHUINIÚ NA SEIRBHEÁLA
Sheirbheáil mé an toghairm Díobhálacha Pearsanta seo i leith Cúiteamh Garda i ….….…. ar an gcosantóir ….….…. Dé ….….…. an …. lá de ….….…. , 20 …
Arna fhormhuiniú an …. lá de ….….…. 20 …
(Arna shíniú) ….….….
(Seoladh)
Arna chur isteach ag I.R. Uimh. 228 de 2024 le héifeacht ón 9 Bealtaine 2024