Foscríbhinn EE: Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu agus Pianbhreitheanna a Fhorghníomhú

Uimh.1

Barántas Á Údarú Duine Ar Cuireadh Pianbhreith Air Nó Uirthi A Thabhairt Isteach Sa Stát Ó Áit Lasmuigh Den Stát Agus An Duine A Thabhairt Chuig Áit Sa Stát Agus É Nó Í A Choinneáil Faoi Choimeád In Áit Sa stát

Uimh.2

Barántas Á Údarú Duine Ar Cuireadh Pianbhreith Air Nó Uirthi A Ghabháil

Uimh.3

Barántas Gabhála I Leith Duine Ar Cuireadh Pianbhreith Air Nó Uirthi Ar Iarraidh Ar Ghabháil Shealadach

Uimh.4

Barántas Cimithe Duine Ar Cuireadh Pianbhreith Air Nó Uirth

FoscríbhinnEE arna chur isteach le IR 417 de 2007, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2007

 

Uimh. 1

 

AN ARD-CHÚIRT

 

 

Maidir leis an Acht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 agus maidir le hIarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

 

 

BARÁNTAS Á ÚDARÚ DUINE AR CUIREADH PIANBHREITH AIR NÓ UIRTHI A THABHAIRT ISTEACH SA STÁT Ó ÁIT LASMUIGH DEN STÁT AGUS AN DUINE A THABHAIRT CHUIG ÁIT SA STÁT AGUS É NÓ Í A CHOINNEÁIL FAOI CHOIMEÁD IN ÁIT SA STÁT

 

 

Chuig Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána agus chuig Gobharnóir Phríosún..........................................

 

DE BHRÍ, ar iarratas faoi alt 7(1) den Acht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 a rinneadh chun na Cúirte an ....... 20... thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, gur dheimhin leis an gCúirt:

 

gur thug an tAire a thoiliú nó a toiliú le hiarraidh faoi alt 6(1) den Acht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 ó ............. (an stát inar cuireadh an phianbhreith) maidir le...................................................................... (an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi), atá faoi choimeád i....................... faoi láthair, agus ar forchuireadh pianbhreith air nó uirthi sa stát inar cuireadh an phianbhreith, a aistriú isteach sa Stát ionas go bhféadfaidh sé nó sí *[an phianbhreith] *[an chuid den phianbhreith atá fágtha] a chur isteach sa Stát;

 

go measann an Stát gur náisiúnach den Stát an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

 

gur ordú críochnaitheach an t-ordú faoinar forchuireadh an phianbhreith lena mbaineann ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

 

*[tráth an iarraidh ar an aistriú lena mbaineann a bheith faighte, go raibh sé mhí ar a laghad den phianbhreith lena mbaineann le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi] *[gur phianbhreith d’fhad neamhchinntithe í] NÓ *[tráth an iarraidh ar an aistriú lena mbaineann a bheith faighte, go raibh níos lú ná sé mhí den phianbhreith lena mbaineann le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus go measann an tAire go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a d’fhágfadh gur cheart é nó í a aistriú];

 

gur thug an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi *[nó ionadaí dlíthiúil an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó duine eile a mheasann an tAire gur duine cuí é nó í chuige sin] a thoiliú nó a toiliú i scríbhinn leis an aistriú;

 

maidir leis na gníomhartha nó an neamhghníomh arb éard iad nó é an cion ar ina leith a cuireadh pianbhreith ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, ar chion é faoi dhlí an Stáit dá mba sa Stát nó ar chríoch den Stát a dhéanfaí é;

 

ORDAÍTEAR LEIS SEO DUITSE an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, ....................... a ghlacadh ó na daoine arna n-údarú ag an stát inar cuireadh an phianbhreith chun é nó í a bheith ina gcoimeád agus, ar an nglacadh sin, an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a sheachadadh láithreach ar Ghobharnóir ....................... i dteannta an bharántais seo, agus ceanglaítear ortsa, an Gobharnóir sin, an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a ghlacadh faoi do choimeád agus é nó í a choinneáil go sábháilte de réir an dlí.

 

Arna dhátú .......................

Arna shíniú ...................................

Cláraitheoir .......................

 

*cuir isteach de réir mar is cuí

 

______

 

Uimh. 2
 

AN ARD-CHÚIRT

 

 

Maidir leis an Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 agus maidir le hIarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

 

 

BARÁNTAS Á ÚDARÚ DUINE AR CUIREADH PIANBHREITH AIR NÓ UIRTHI A GHABHÁIL

 

 

Chuig Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána

 

DE BHRÍ, ar iarratas faoi alt 8(1) den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 a rinneadh chun na Cúirte an ........ 20... thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, gur dheimhin leis an gCúirt:

 

gur thug an tAire a thoiliú nó a toiliú le hiarraidh faoi alt 7(1) den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 ó....................... (an tír inar cuireadh an phianbhreith) maidir le *[pianbhreith] *[cuid de phianbhreith] a fhorghníomhú sa Stát, ar phianbhreith í a forchuireadh sa tír inar cuireadh an phianbhreith ar dhuine....................... (an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi), a theith ón tír inar cuireadh an phianbhreith *[sular thosaigh sé nó sí ar an bpianbhreith sin a chur isteach]*[sula raibh an phianbhreith sin curtha isteach aige nó aici];

 

go ndearnadh deimhniú lena mbaineann alt 8 den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 a thabhairt ar aird;

 

gur saoránach Éireannach an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó go bhfuil, i dtuairim an Aire, dlúthcheangail aige nó aici leis an Stát;

 

gur ordú críochnaitheach an t-ordú lena bhforchuirtear an phianbhreith sa tír inar cuireadh an phianbhreith;

 

*[nach lú ná sé mhí téarma na pianbhreithe lena mbaineann nó, i gcás go raibh cuid den phianbhreith lena mbaineann curtha isteach cheana féin ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi an tráth a theith sé nó sí go dtí an Stát, go raibh nach lú ná sé mhí den phianbhreith fós le cur isteach aige nó aici] NÓ * [tráth an iarraidh ar an aistriú lena mbaineann a bheith faighte, go raibh níos lú ná sé mhí den phianbhreith lena mbaineann le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus go measann an tAire go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann gur cheart don duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi *[an phianbhreith] *[an chuid den phianbhreith atá fágtha] a chur isteach sa Stát];

 

go bhfreagraíonn an cion faoi dhlí na tíre inar cuireadh an phianbhreith, ar ina leith a forchuireadh an phianbhreith, do chion faoi dhlí an Stáit;

 

ORDAÍTEAR LEIS SEO DUITSE an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi ....................... a ghabháil agus é nó í a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte a luaithe is féidir tar éis a ghabhála nó a gabhála chun go ndéileálfar leis nó léi de réir an dlí.

 

Arna dhátú .......................

Arna shíniú ...................................

Cláraitheoir .......................

 

*cuir isteach de réir mar is cuí

______

Uimh. 3
 

AN ARD-CHÚIRT

 

 

Maidir leis an Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005

 

 

BARÁNTAS GABHÁLA I LEITH DUINE AR CUIREADH PIANBHREITH AIR NÓ UIRTHI AR IARRAIDH AR GHABHÁIL SHEALADACH

 

 

Chuig Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána

 

DE BHRÍ, ón bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ó ....................... as ....................... comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, arna tabhairt don Chúirt an ...... 20.... le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi alt 9(1) den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005, gur dheimhin leis an gCúirt go ndearnadh iarraidh ar ghabháil shealadach ..................... thar ceann ............. (an tír inar cuireadh an phianbhreith); i ndáil leis an iarraidh sin, gur comhlíonadh alt 9 den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005;

 

ORDAÍTEAR LEIS SEO DUITSE an duine sin....................... a ghabháil agus é nó í a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte a luaithe is féidir tar éis a ghabhála nó a gabhála chun go ndéileálfar leis nó léi de réir an dlí.

 

Arna dhátú .......................

Arna shíniú ...................................

Cláraitheoir .......................

 

______

Uimh. 4

 

 

AN ARD-CHÚIRT

 

 

Maidir leis an Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 agus maidir le hIarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

 

 

BARÁNTAS CIMITHE DUINE AR CUIREADH PIANBHREITH AIR NÓ UIRTHI

 

 

Chuig Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána agus chuig Gobharnóir Phríosún ..........................................

 

DE BHRÍ, ag éisteacht an.......... 20... faoi fho-alt (1) d’alt 10 den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005, nuair a bhí ................ (an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi) os comhair na Cúirte, gur dheimhin leis an gCúirt:

 

gur thug an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí a thoiliú nó a toiliú le hiarraidh faoi alt 7(1) den Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 ó ................ (an tír inar cuireadh an phianbhreith) maidir le *[pianbhreith] *[cuid de phianbhreith] a fhorghníomhú sa Stát, ar phianbhreith í a forchuireadh sa tír inar cuireadh an phianbhreith ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus a theith ón tír inar cuireadh an phianbhreith *[sular thosaigh sé nó sí ar an bpianbhreith sin a chur isteach]* [sula raibh an phianbhreith sin curtha isteach aige nó aici];

 

gur saoránach Éireannach an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi *[nó go bhfuil an tAire den tuairim go bhfuil dlúthcheangail ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi leis an Stát];

 

gur ordú críochnaitheach an t-ordú lena bhforchuirtear an phianbhreith sa tír inar cuireadh an phianbhreith;

 

*[nach lú ná sé mhí téarma na pianbhreithe lena mbaineann nó, i gcás go raibh cuid den phianbhreith lena mbaineann curtha isteach cheana féin ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi an tráth a theith sé nó sí go dtí an Stát, go raibh nach lú ná sé mhí den phianbhreith fós le cur isteach aige nó aici] NÓ * [tráth an iarraidh ar an aistriú lena mbaineann a bheith faighte, go raibh níos lú ná sé mhí den phianbhreith lena mbaineann le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus go measann an tAire go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann gur cheart don duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi *[an phianbhreith] *[an chuid den phianbhreith atá fágtha] a chur isteach sa Stát];

 

go bhfreagraíonn an cion faoi dhlí na tíre inar cuireadh an phianbhreith, ar ina leith a forchuireadh an phianbhreith, do chion faoi dhlí an Stáit;

 

go bhfuil imthosca ann a fhágann—

  1. dá mba rud é gur lorgaíodh tabhairt suas an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi de bhun barántais gabhála Eorpaigh, nach mbeadh toirmeasc ar an duine a thabhairt suas faoi Chuid 3 (seachas alt 38(1)) den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003, nó

  2. dá mba rud é gur lorgaíodh eiseachadadh an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, nach mbeadh toirmeasc ar a eiseachadadh nó ar a heiseachadadh faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 2001, (seachas alt 10(1) nó 10(1A) (arna gcur isteach le halt 11 (a) den Acht um Eiseachadadh (Coinbhinsiúin an Aontais Eorpaigh), 2001) den Acht um Eiseachadadh, 1965);

 

GUR ORDAIGH AN CHÚIRT an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a chimiú chuig ................ ar feadh tréimhse ................

 

ORDAÍTEAR LEIS SEO DUITSE an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, ................a sheachadadh ar Ghobharnóir     ................ i dteannta an bharántais seo, agus ceanglaítear ortsa, an Gobharnóir sin, an duine sin ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a ghlacadh faoi do choimeád agus é nó í a choinneáil go sábháilte de réir an dlí.

 

Arna dhátú ................

Arna shíniú ...................................

Cláraitheoir ................

 

*cuir isteach de réir mar is cuí