Tugann Oifig na Cúirte Uachtaraí tacaíocht riaracháin agus clárúcháin don Chúirt. Tá oifig phoiblí aici mar a gcuirtear isteach iarratais ar chead achomhairc agus cáipéisíocht achomhairc. Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí a bhainistíonn an Oifig.
Tá an Oifig agus a foireann freagrach as na feidhmeanna seo a leanas:
- comhdú agus cáipéisíocht a athbhreithniú ó thaobh chomhlíonadh rialacha agus cleachtais na Cúirte de
 - iarratais ar chead achomhairc agus achomhairc a bhainistiú chun a chinntiú go dtugtar chun cinn iad go cothrom agus go héifeachtach
 - iarratais agus achomhairc a liostú
 - cinntí agus breithiúnais na Cúirte a eisiúint agus a fhoilsiú
 - orduithe na Cúirte a dhréachtú agus a thabhairt chun críche
 - téacs an Bhunreachta ina bhfuil leasuithe a rollú de réir Airteagal 25 5 2 den Bhunreacht agus Achtanna an Oireachtais a rollú de réir Airteagal 25 4 5 den Bhunreacht
 - iarratais ar cheapacháin mar nótaire poiblí nó coimisinéir mionn a phróiseáil
 - fíordheimhniú sínithe nótairí poiblí nó coimisinéirí ar dhoiciméid dhleathacha lena n-úsáid in Éirinn nó i ndlínsí eile.
 - tacú le feidhmeanna prótacail lena n-áirítear breithiúna nua a mhionnú ag an bPríomh-Bhreitheamh agus glaonna chun Bharraí na hÉireann.