Ní mór go gcuimsítear i bhfrithéileamh 'fógra agus ráiteas frithéilimh' sa láithreas agus cosaint a chuirtear faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche agus go seirbheáiltear ar an éilitheoir é.
Maidir leis an bhfrithéileamh, ní mór:
- A mhaíomh go bhfuil tú ag frithéileamh i gcoinne an éilitheora
- Na líomhaintí atá tú a dhéanamh agus an tsuim nó réiteach eile atá tú a iarraidh a leagan amach go soiléir agus go hachomair
- An comhfhreagras agus doiciméid uile ar a bhfuil an frithéileamh ag brath a liostú, lena n-áirítear dátaí bainteacha
- É a bheith leagtha amach ina pharagraif uimhrithe.
Ní mór duit dleacht stampála a íoc as an bhfrithéileamh ar aon dul leis an Ordú Táillí Cúirt Dúiche.