Back
Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí Contae Loch Garman
Wednesday 13th November 2024
Olltoghchán 2024
Lá na Vótála Dé hAoine 29 Samhain 2024
- Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc maidir le Clár na dToghthóirí de chuid Chontae Loch Garman a fháil ná Dé hAoine 15 Samhain 2024.
- Éistfidh an Cláraitheoir Contae de chuid Chúirt Chuarda Loch Garman, ina suí ag Teach na Cúirte, Bóthar Belvedere, Páirceanna an Bhaile, Loch Garman, le gach Achomharc dá leithéid, agus ba cheart iad a chur chuig an seoladh sin tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta.
- Ní mheasfaidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a fhaightear tar éis an dáta deiridh go dtí tar éis Lá na Vótála i dtaca leis na toghcháin thuas.
Arna dhátú an 11 Samhain 2024.
Sínithe :
Deirdre Burke
An Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda Loch Garman
An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
(A cuireadh isteach le hAlt 106 (j) an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022)