Foilsíonn an tSeirbhís Chúirteanna Plean Straitéiseach Corparáideach 2024-2027, blianta 4-7 den Chlár Nuachóirithe go 2030
03rd October 2024
D’fhoilsigh an tSeirbhís Chúirteanna, inniu, ár bPlean Straitéiseach Corparáideach 2024-2027 ina leagtar amach pleananna faoi 6 sprioc straitéiseacha chun ár bhFís Straitéiseach go dtí 2030 a chur chun cinn.
“Tá an Plean Straitéiseach seo deartha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn agus chun na haidhmeanna uaillmhianacha atá ag ár gClár Nuachóirithe 10 mbliana a chur chun cinn” a dúirt an Breitheamh Onórach Elizabeth Dunne, Breitheamh den Chúirt Uachtarach agus Cathaoirleach Bhord na Seirbhíse Cúirteanna.
Tá sé mar aidhm ag an gClár Nuachóirithe córas cúirte a fhorbairt atá oiriúnach don fheidhm, éifeachtach agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine a oibríonn sa chóras agus a bhfuil rochtain acu air.
Mhínigh Angela Denning Uas., Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna
“Ba é príomhchúram an chéad Phlean Straitéisigh Chorparáidigh den Chlár Nuachóirithe an dúshraith a leagan síos le haghaidh athrú suntasach agus cuid dár gcrua-earraí, teicneolaíocht agus uirlisí atá as dáta a nuachóiriú. Faoin gcéad Phlean Straitéiseach eile go dtí 2027, tiocfaidh feabhsuithe suntasacha ar ár bhfoireann agus ar ár n-úsáideoirí maidir leis an gcaoi a ndéanaimid doiciméadacht chúirte a bhainistiú agus a riar, seirbhísí a chur ar fáil d’úsáideoirí agus an chaoi a gcuirimid faisnéis ar fáil.’
Léigh ár bPlean Straitéiseach na Seirbhíse Cúirteanna 2024 - 2027
I measc na bpríomhphointí ón gcaoi ar bhaineamar amach ár spriocanna straitéiseacha faoin bPlean Straitéiseach Corparáideach 2021 - 2024 a bhí ann roimhe seo, tá:
- Sprioc: Cumais nua agus an acmhainn riachtanach a fhorbairt – bainistiú digiteach agus athraithe.
Bainte amach: 108,895 duilleog na gcúiseamh próiseáilte go leictreonach idir na Gardaí agus na Cúirteanna (95% de dhuilleoga uile na gcúiseamh
- Sprioc: Bunús teicneolaíochta nua-aimseartha a bhunú
Bainte amach: Bhog foireann uile na Seirbhíse Cúirteanna agus Breithiúna chuig ardán teicneolaíochta nua-aimseartha iontaofa a cuireadh i gcrích i gceann 2 bhliain gan aon chur isteach ar chúrsaí Cúirte.
Thosaíomar ar an gcóras bainistithe cásanna cúloifige a fhorbairt le haghaidh rianú cásanna agus doiciméadú cúirte amach anseo. Córas ar chóras, táimid ag ionadú an réimse leathan córas atá as dáta agus atá á n-úsáid ar fud na Seirbhíse Cúirteanna chuig ardán aontaithe amháin. Tabharfaidh an córas nua seo, an Córas Aontaithe Bainistíochta Cásanna (UCMS), deis dúinn feidhmchláir nua a mhéadú agus a chur leis, mar aon le tairseacha atá furasta le húsáid le haghaidh cineálacha sonracha oibre.
- Sprioc: Tionscadail deartha seirbhíse nuálacha tosaigh a dhéanamh – taighde agus dearadh úsáideoir-lárnach, samhlacha nua a thriail ar bhonn píolótach.
Bainte amach: Gradam Sármhaitheasa na Státseirbhíse d'fhaisnéis nua faoin Dlí Teaghlaigh arna dhearadh agus arna phíolótú le húsáideoirí, le foireann na Seirbhíse Cúirteanna agus le Breithiúna.