Ní mór duit roinnt doiciméad a thaisceadh ar a dtugtar 'Sraith Bhreithiúnais' de phost nó thar an gcuntar ag Rannóg Breithiúnas Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Bíonn difríochtaí beaga sna doiciméid, ag brath ar an gcineál breithiúnais.
Seiceálann foireann na Rannóige Breithiúnais na doiciméid chun a chinntiú go gcomhlíonann siad Rialacha na nUaschúirteanna. Má tá aon doiciméad ann nach gcomhlíonann, ceisteofar an tsraith bhreithiúnais. Mionsonraítear na ceisteanna ar bhileog ceisteanna chun go n-athbhreithneoidh an t-aturnae cuí iad. Ba chóir an bhileog ceisteanna a chuimsiú leis na páipéir nuair a bhíonn na páipéir bhreithiúnais á n-ataisceadh.
Féach thíos an bhileog ceisteanna shamplach a leanas:
Rannóg Breithiúnas, An Phríomh-Oifig, An Ard-Chúirt Tag: Gearánaí - v - Cosantóir Réitigh na ceisteanna seo a leanas:
Tá an cheist seo á réiteach ag: Teil: R-phost: Aturnaetha ar taifead: |
Cuirtear breithiúnais chruinne chuig an gCláraitheoir le haghaidh a sínithe.